Dia dhaoibh Sionainn anseo,
Bhí mé ag féachaint ar na Cluichí Oilimpeacha inniu, cósúil le gach duine mar go raibh an cluiche dornála ar siúl idir Katie Taylor agus Sofya Ochigava. Bhíothas ag féachaint ar an tráchtaireacht tar éis an bua iontach a bhí aici agus chonaic mé é seo ar lámh Bernard Dunne.

Bhí amháin dos na bráisléid sin a deireann "Gaeilge" le pictiúr d'ordóg suas. Tá ceann á lorg agam ach níor chonaic mé iad in aon siopaí i rith an tsamhraidh. Faigheann daoine iad sa Ghaeltacht ach tá siad le ceannach ar an idirlíon freisin. Seo pictiúr a thóg mé ar m'fhón póca do mo theilifís. Nuair a chonaic mé é bhí gá orm é a athchasadh (rewind) chun an grianghraif a thógáil. Is mór an trua é nach bhfuil Bród Club beo anois, ach beidh sé ar ais go luath le cunamh Dé. Ach tá Bernard fós ag taispeáint a bhród.
Maith thú Katie- Ar chonaic tú an cluiche dornála inniu?
Is brea liom b.dunne
ReplyDeleteIs breá liom é freisin :)
ReplyDelete