Saturday, August 11, 2012

Seachadadh Ó Hollister

Dia dhaoibh Sionainn anseo, 

Anois go bhfuil siopa Hollister in Éirinn, is féidir leat rudaí a cheannach ón siopa ar an idirlíon agus ní bhíonn gá ort aon chánacha (taxes) a íoc. 
Is maith is cuimhin liom an bhliain seo caite agus cheannaigh mo mham geansaí liom ar an idirlíon ó Abercrombie & Fitch agus sa deireadh, d'íoc sí níos mó ná chéad euro i gcomhair geansaí amháin mar go raibh gá uirthi cánacha a íoc as cé go raibh sé ag teacht ón Meiriceá. 
Tá mise agus mo dheartháir tar éis rudaí a cheannach ó Hollister agus ní raibh sé ach cúig déag euro chun gach rud a cheannaíomar a sheachadadh chuig Luimneach. 
Ní raibh sé sin ar eolas agam, bhíothas an- sásta ar fad leis. 
Uaireanta, téim go dtí Baile Átha Cliath chun dul go dtí an siopa agus caithim an méid airgid sin ag dul suas ar an traein. 

Chomh maith le sin, b'fhéidir go mbeidh siopa eile ag teacht go dtí Co. Chorcaí. 

An gceapann tú go mbeadh rud maith é siopa Hollister eile a oscailt i gCorcaigh? 


No comments:

Post a Comment

Fág trácht le do thuairmí agus smaointí féin!

Cuardigh PLHF

Blag Gaeilge Iníon Uí Iarlaithe

Followers

Ríomhphost

paiseanlehaghaidhfaisean@gmail.com