Saturday, August 11, 2012

An Margadh

Dia dhaoibh Sionainn anseo, 

Bíonn an margadh anseo i Luimneach an- ghnóthach an lae inniu. 
Chuas ann ar maidin agus cheannaigh mé cúpla rud ann. 
B'fhéidir nár cheannaigh mé aon éadaí ach cheannaigh mé bia álainn. Is aoibhinn liom é, go háirithe an seacláid agus na pancóga is féidir leat ceannach ann. 
Chonaic mé stalla deas agus díolann sé cártaí álainn as Béarla agus as Gaeilge. Is cártaí atá lámhdhéanta i Luimneach iad agus tá siad an- deas ar fad.
Téigh go dtí nicedaydesigns.org chun an suíomh a fheiceáil. 
Tá na praghasanna an- mhaith. Tá cúpla dos na cartaí 2.50euro agus tá cúpla cinn eile 3.50euro.

Ní cheapaim go bhfuil aon rud níos deise ná an seacláid is féidir leat ceannach ann. 
Is breá liom Cadburys, Galaxy agus lán na brandaí eile ach is aoibhinn liom an sórt seacláid a bhíonn ar dhíol ann. Seo iad barra "Rocky Road"... "Bóthar Carraigeach" b'fhéidir, agus ceibeab leamhacháin (marshmallow kebab).
Agus ar ndóigh, na rudaí eile normálta- sú úill, cáis, arán agus píoga. 

An dtéann tú chuig an margadh go minic?




1 comment:

Fág trácht le do thuairmí agus smaointí féin!

Cuardigh PLHF

Blag Gaeilge Iníon Uí Iarlaithe

Followers

Ríomhphost

paiseanlehaghaidhfaisean@gmail.com