Thursday, August 9, 2012

"Dip Dying"

Dia dhaoibh Sionainn anseo, 

Tá gach duine ag déanamh "dip dying" ar a  gcuid gruaige an lae inniu. 
Tá gach aon dath le feiceáil timpeall na háite- bán dearg, fionn, gorm, glas, donn, leanann an liosta ar aghaidh ... 

Is é "dip dying" nuair a chuireann tú ruaim (dye) ag deireadh go ghruaig.
Ní cheapaim go mbeadh an néaróg agam dath geal a chur i mo ghruaig mar nár chuir mé aon sórt ruaim i mo ghruaig ríomh. Más chuir mé ceist ar mo mham, ceapaim go mbeadh sé ceart go leor léí tar éis beagáinín diongbhailte (convincing) ach deireann sí go bhfuil mé beagáinín ró óg.
Bheadh sé ceart go leor é a dhéanamh uair amháin ach ansin bíonn gá ort é a choimeád suas. Ceapaim go bhfágfaidh mé é i gcomhair níos mó ama mar nach bhfuil mé ag bású chun ruaim a chur i mo ghruaig fós. Deireann daoine nach bhfuil sé ró mhaith do do ghruaig ach déanann gach duine é. Táim sásta le mo ghruaig donn anois agus mar sin, táim chun fanacht leis ar feadh tamaillín.

An bhfuil tú sásta gur thosaigh tú ag cur ruaim i do ghruaig nó an bhfuil aiféala ort nár fhan tú níos mó ama chun tosú ag cur ruaim i do ghruaig? / An bhfuil fonn ort tosú ag cur ruaim i do ghruaig? 



5 comments:

  1. ba bhreá liom tosú :D

    ReplyDelete
  2. Na tosaigh ma ta tu sasta le do ghruaig anois. Ta aifeala orm gur thosaigh me.

    ReplyDelete
  3. Go raibh maith agat don chomhairle sin. D'inis a lán daoine é sin dom agus mar sin, is cinnte go bhfuil mé chun fanacht mar seo.

    ReplyDelete
  4. Is aoibhinn liom an 'dip dye' ach níl a lán misneach agam ... bhfeidir i gcúpla mhí ;)

    ReplyDelete
    Replies
    1. Tá mise mar a gcéanna.... Ceapaim go bhféachann sé go hálainn ar gach duine eile ach ní bheadh mé in ann an seans a thógáil agus é a dhéanamh ar mo ghruaig féin :-)

      Delete

Fág trácht le do thuairmí agus smaointí féin!

Cuardigh PLHF

Blag Gaeilge Iníon Uí Iarlaithe

Followers

Ríomhphost

paiseanlehaghaidhfaisean@gmail.com