Tuesday, August 7, 2012

Ceangail is Dathaigh (Tie Dying)

Dia dhaoibh Sionainn anseo, 

Feicim pictiúrí ar Facebook de bhríste gearr agus rudaí eile a dhein daoine an t-am ar fad.
Má tá éadaí sean agat nach bhfuil tú sásta iad a chaitheamh, go háirithe bríste gearr, tá gach duine ag iarraidh ceangail is dathaigh a dhéanamh. 
Cheapas gur rud mí- fhaiseanta é chun éadaí shnaidmruaimnithe (tie- dye) a chaitheamh mar go rabhas ag smaoineamh faoi na t-léinte seo. 
Ach níl na bríste gearr a bhíonn á dhéanamh ag daoine an lae inniu cósúil leis an t-léine seo ar aon nós. 
Bíonn bríste gearr cósúil le seo á chaitheamh ag gach duine, ag dul gach áit. 
Caitheann daoine iad ag dul chuig na dioscónna, nó ar an trá- aon áit. 
B'fhéidir nach bhfuil an aimsir maith go leor chun bríste gearr a chaitheamh ach ba mhaith liom mo phéire féin a dhéanamh chun a fheiceáil conas mar a dhéanfaidh tú iad agus an bhfuil sé chomh éasca ná a deireann daoine eile chun iad a chruthú. 
Is cinnte nach mbeidh mé ag déanamh é le péire daor ag an tús. Déanfaidh mé iarracht agus ansin feicfidh mé... Tá a lán físeáin ar an idirlíon ag taispeáint duit conas iad a dhéanamh agus mar sin, b'fhearr é bheith éasca go leor. 

An bhfuil aon éadaí shnaidmruaimnithe agat? Nó ar dhein tú jab "DFÉ" (Déan Féin É) ar aon bhríste gearr nó aon t-léinte? Seol pictiúr go dtí paiseanlehaghaidhfaisean@gmail.com


2 comments:

Fág trácht le do thuairmí agus smaointí féin!

Cuardigh PLHF

Blag Gaeilge Iníon Uí Iarlaithe

Followers

Ríomhphost

paiseanlehaghaidhfaisean@gmail.com