Dia dhaoibh Sionainn anseo,
Feicim pictiúrí ar Facebook de bhríste gearr agus rudaí eile a dhein daoine an t-am ar fad.
Má tá éadaí sean agat nach bhfuil tú sásta iad a chaitheamh, go háirithe bríste gearr, tá gach duine ag iarraidh ceangail is dathaigh a dhéanamh.
Cheapas gur rud mí- fhaiseanta é chun éadaí shnaidmruaimnithe (tie- dye) a chaitheamh mar go rabhas ag smaoineamh faoi na t-léinte seo.
Ach níl na bríste gearr a bhíonn á dhéanamh ag daoine an lae inniu cósúil leis an t-léine seo ar aon nós.
Bíonn bríste gearr cósúil le seo á chaitheamh ag gach duine, ag dul gach áit.
Caitheann daoine iad ag dul chuig na dioscónna, nó ar an trá- aon áit.
B'fhéidir nach bhfuil an aimsir maith go leor chun bríste gearr a chaitheamh ach ba mhaith liom mo phéire féin a dhéanamh chun a fheiceáil conas mar a dhéanfaidh tú iad agus an bhfuil sé chomh éasca ná a deireann daoine eile chun iad a chruthú.
Is cinnte nach mbeidh mé ag déanamh é le péire daor ag an tús. Déanfaidh mé iarracht agus ansin feicfidh mé... Tá a lán físeáin ar an idirlíon ag taispeáint duit conas iad a dhéanamh agus mar sin, b'fhearr é bheith éasca go leor.
An bhfuil aon éadaí shnaidmruaimnithe agat? Nó ar dhein tú jab "DFÉ" (Déan Féin É) ar aon bhríste gearr nó aon t-léinte? Seol pictiúr go dtí paiseanlehaghaidhfaisean@gmail.com
ba mhaith liom na bríste gearr
ReplyDeleteDfe. An ghreannmhar.
ReplyDelete