Dia dhaoibh Sionainn anseo,
Is cinnte nach mbeimid ag fáil donnú álainn in Éirinn an samhradh seo ach is féidir leat féachaint mar go bhfuair tú donnú an- deas leis an maothóir atá ag Garnier- "Deep Sun- Kissed Look".
Is maothóir dathach (tinted) é.
Níl sé cósúil le Sally Hansen ar aon nós ach sin rud maith. Caitheann tú donnú bréige mar sin ag dul amach i gcomhair ócáid nó rud éigin mar sin ach seo é rud a chuireann tú ort gach lá agus ansin, bíonn donnú grádach agat.
Tar éis é a chur ort uair amháin, feicfidh tú na torthaí tar éis cúpla uair.
Bíonn gá ort é a chur ort go cothrom (evenly) agus mar sin, úsáidim miotóg chun é a chur orm.
Má tá tú chun an praghas lán a íoc, tá sé 10.16euro ach fuair mé é sna siopaí Boots agus Shaws cúpla uair i gcomhair 5.08euro. Mar sin, bíonn gá ort féachaint amach i gcomhair margadh maith.
Bíonn an buidéal céanna agat i gcomhair cúpla seachtain.
Chomh maith leis an donnú a bheidh agat, beidh go chraiceann ag braitheamh an- bhog agus an- slim (smooth) mar go bhfuil maothóir é fréisin.
Ar chuala tú faoin maothóir dathach seo?
úsáideann mo chara é
ReplyDelete