Tuesday, December 6, 2011

Seodora Daor & Saor- Nollaig

Dia dhaoibh Sionnainn anseo,

Mar. . . ar ndóigh tá Nollaig ag teacht. . .
B'fhéidir go mbeidh cúpla duine ag lorg seodora nua. . . mar
bhronntanas nó chun a chaitheamh mar fheisteas Nollag. . .
Bhuel. . . tá a lán seodora éagsúla ar dhíol sa lá atá againn inniu ann.

Má tá tú ag súil rud saor a cheannach. . tá rogha an-mhór agat, agus
freisin. . . má tá tú ag lorg rud costasach. . tá rogha iontach agat
chomh maith. . .

Seo iad cúpla píosa seodora is maith liom agus a chonaic mé timpeall
na háite. . .
Nuair a bhí mé ag féachaint timpeall, bhí a lán éagsúlacht le feiceáil.

Ar dtús, na cinn saora.
Is iad seo na bráisléid a bhí Sorcha ag caitheamh tráthnóna inniu ar
scoil. . . Cheannaigh sí na dhá cinn sa siopa "Penneys" le haghaidh
trí euro gach ceann.
Ceapaim gur mhargadh an- mhaith iad na bráisléid sin. . .
Is bráisléid piseoga iad.

Anuas ar sin, bhí mé ag féachaint timpeall agus chonaic mé a lán
daoine ag caitheamh bráisléíd Pandora. . . ag cuimsiú muinteoirí. . .
Is liomsa é an ceann geal agus is leis í Sorcha an ceann liath.

Má tá bráisléad Pandora agat nó má tá tú ag lorg ceann. . . b'fhéidir
go mbeadh smaoineamh maith é le haghaidh bronntanas Nollaig ná chun
piseog nua a fháil. . .
Seo iad ach cúpla dos na cinn a baineann le Nollaig atá ar dhíol. . .
Is iad seo na cinn a bhí ar an mbráisléad geal a bhí ag Sorcha freisin. . . tá
gach ceann Nollag aici seachas leis an gceann "Daidí Na Nollag". . .

Ach. . . má tá tú ag súil le rud éigin mar an seodora seo i gcomhair Nollaig. . . caithfidh tú litir a scríobh do Daidí Na Nollag ag insint dó. . .
Is é seo sampla. . . !
Ar scríobh tusa do cheann fós ? !

Slán, x.

1 comment:

  1. litir iontach. Táim ag scríobh mo litir anois!

    ReplyDelete

Fág trácht le do thuairmí agus smaointí féin!

Cuardigh PLHF

Blag Gaeilge Iníon Uí Iarlaithe

Followers

Ríomhphost

paiseanlehaghaidhfaisean@gmail.com