Thursday, December 8, 2011

Scátáil Oighir

Dia dhaoibh Sionnainn anseo,

Bhuel, mar is eol daoibh. . . níl ach cúpla seachtain go dtí Nollaig agus ciallaíonn sé sin go mbeidh laethanta saoire ag gach duine. . .

B'fhéidir go mbeidh tú ag súil chun bualadh suas le do chairde i rith na saoire. . . d'éadaí Nollaig a chaitheamh. . .

. . . Cad faoi dul ag scátáil oighir !
Tá "Limerick on Ice" ar ais an bhliain seo in aice le Cé Artúir (Arthur's Quay). . .
Beidh sé ag tosú inniu an 8ú lá de Nollag go dtí an 8ú lá de Mheán Fomhair.
I gcomhair páistí. . . níos óige ná 14, cosnaíonn sé 13 euro agus
ansin le haghaidh daoine fásta, cosnaíonn sé 15 euro.
Anois. . . an faisean ann !
Más téann tú ag scátáil oighir, beidh an seans agat, buataisí mar na cinn seo a chaitheamh- an-fhaiseanta ar fad. . !
Ach chomh maith le na buataisí seo, beidh tusa in ann d'éadaí eile a phíocadh. . .
D'éadaí deas a cheannaigh tú i gcomhair Nollaig. . . nó bríste reatha compórdach. . .
Aon rud eile. . . seachas le sciorta gearr ceapaim!

Is rud iontach é chun dul ag scátáil oighir le grúpa daoine. . agus má nach bhfuil tú i do chónaí i Luimneach, b'fhéidir go mbeidh ceann in aice leatsa freisin.

Chun níos mó a fheiceáil faoin scátáil oighir i Luimneach, cliceáil anseo.

An raibh tú ag scátáil oighir riomh nó ar mhaith leat dul?

Bhí mé ann dhá uair. . . bhí an-spraoi ag mise agus mo chairde. . .
Tá sé deas ann chun gach duine a fheiceáil ag caitheamh lámhainní agus scairbh. . .

Cheap mé go mbeadh níos deacra chun é a dhéanamh. . . ach bhí mé go hiontach tar éis cúpla noiméad !

Slán, x.

No comments:

Post a Comment

Fág trácht le do thuairmí agus smaointí féin!

Cuardigh PLHF

Blag Gaeilge Iníon Uí Iarlaithe

Followers

Ríomhphost

paiseanlehaghaidhfaisean@gmail.com