Tuesday, December 6, 2011

Baile Átha Cliath

Dia dhaoibh Sionnainn anseo,

Mar is eol daoibh, beimid ag dul go dtí Baile Átha Cliath i gcómhair an tsearmanais bronnta "Junior Spiders" an Máirt seo chugainn. . .
Táim anois. . . ag closcríobh é seo, ag suí sa leabharlann ar scoil le Sorcha agus táimid ag smaoineamh faoin searmanas.

Tá sceitimíní áthais an domhain orainn. . . ach. . .

Táimid buartha faoi rud amháin. . ár ngruaig. . . ! !

Bhíomar ag plé ár roghanna mar. . .

Táimid ar súil chun a bheith ag féachaint deas ach, ag an am céanna. . beimid ag caint do dhaoine eile faoin mblag agus mar sin, nílimid ag súil go mbeidh ár ngruaig inár súile an t-am ar fad.

Bí cinnte, má tá tú ag lorg comhairle faoi ghruaig, féachaigí faoin leathanach "gruaig" agus is cinnte go mbeidh tú in ann an cabhair sin a fháil. . .
Bhíomar ag smaoineamh faoi bhréid mar banda gruaig. . .

Tá iad seo go maith mar má tá frainse (fringe) agat. . . ní bheidh sé i do shúile. . .

Ach, is é seo "Baile an bhlag" agus mar sin. . . chun níos mó a fheiceáil faoi ghruaig téigh go dtí an leathanach sin mar uaireanta, bíonn rudaí nua suas air!

Agus mar sin. . . má tá tú ag lorg comhairle faoi aon rud mar mise agus Sorcha. . .
Nó má tá aon smaointí agat i gcomhair ár mblag. . . fág trácht ag bun an leathanaigh nó seol r-phost dúinn ag:

paiseanlehaghaidhfaisean@gmail.com

Slán, x.



1 comment:

Fág trácht le do thuairmí agus smaointí féin!