Sunday, October 30, 2011

Siopaí Nua sa Chorrán



Dia dhaoibh Sionnainn anseo,
Bhí mé sa Chorrán inniu agus chonaic mé go raibh siopaí nua oscailte ann.
Síos in aice leis an siopa "Pandora", tá siopa smideadh oscailte.
"INGLOT" is ainm don siopa agus is branda smideadh é Inglot.
Is é an siopa seo an chéad siopa Inglot i Luimneach ach tá cúpla i mBaile Átha Cliath agus níos mó lán timpeall an domhain.
Ní raibh mé ach sa siopa le haghaidh cúpla soicind ach feiceann an smideadh ann an deas.
Tá suíomh ag an siopa.
Cliceáil anseo chun é a fheiceáil.

Níl é seo pictiúr don siopa sa Chorrán ach an ceann i nDún Droma.

Cliceáil anseo chun na praghsanna a fheiceáil.


Chomh maith le sin, in aice le Inglot tá sciamheolaí nua oscailte "Velvet".
Tá ceann i gCaladh an Treoigh chomh maith. . . bhí mé ann uair amháin.
Tá leathanach "Facebook" ag Velvet.
Cliceáil anseo chun é a fheiceáil.
Ceapaim go ndéanfaidh na siopaí seo gnó an-mhaith mar níl aon siopa eile sa Chorrán le smideadh mar sin nó sciamheolaí.


Saturday, October 29, 2011

Briseadh Lár Téarma


Dia dhaoibh Sionnainn anseo,
Fuaireamar ár mBriseadh Lár Téarma ar an Aoine.
Tá seachtain gan scoil againn. . . ach nuair a shroicimid ar áis, beidh scrudaithe againn :(

Níl aon scoil againn agus mar sin, is féidir linn aon rud a dhéanamh!




Chun tús a chuir leis an mbriseadh, ar maidin, chuir mé vearnais inge ar m'inge.
Níl cead againn é a chaitheamh ar scoil agus mar sin chuir mé an vearnais ar m'inge i bpatrún cló liopard.


Más téann tú ar áis go dtí an dara phost a bhí ar an mblag, feicfidh tú conas d'inge féin a dhéanamh mar seo.
Tá sé níos éasca ná a fheiceann sé!


Ba bhreá liom é más raibh m'inge níos fhada ach níleann siad. . tá siad ghearr :(


Cheannaigh mo mham an rud seo dom ach, fós ithim m'inge nuair atá mé ag caitheamh an vearnais sin.
Tá blas uafásach ag an rud seo ach táim ábalta cópáil leis.
An bhfuil aon moltaí agaibh?.. Con
as b'fhéidir liom stop a chur leis..?

Ach, táimid in ann a lán rudaí eile a dhéanamh i rith an briseadh lár téarma chomh maith. . .
Beimid in ann píosa smideadh a chaitheamh i rith an lae agus chomh maith le sin, ní bheidh aon éide scoile againn le haghaidh seachtain ar fad!


Is é seo an mála a coimeadaim mo smideadh nuair atá mé ag dul amach mar tá sé beag.
Cheannaigh mé an mála seo i River Island i rith an tsamhraidh le haghaidh 23.50euro.
Tá cló liopard ar agus tá sé an mhaith nuair atá mé ag dul ar laethanta saoire nó fanacht thar oíche chun mo sheodora agus mo smideadh a choinneáil.

Ach, sa bhaile, úsáidim an mála seo le haghaidh mo scuab gruaige, cumhrán, smideadh agus rudaí mar sin.




Tá sé áisiúil chun mála bheag agus mála mór a úsáid. . . mar ansin, nuair atá tú ag dul aon áit, ní chaillfidh do smideadh. . .
Ach. . bí cuaramach, táimid fós óg agus mar sin, ní b'fhearr linn a bheith ag caitheamh a lán smideadh ach tá beagáinín ceart go lóir!

I rith an briseadh lár téarma, beidh níos mó ama againn chun ár ngruaig a dhéanamh.
Seo iad na rudaí a úsáidim chun mo ghruaig a dhéanamh go deas.


Is cuma liom faoi cén sort triomadóir gruaige a úsáidim ach caithfidh a bheith díritheoir gruaige maith agam mar tá gruaig ramhar agam.
Tá GHD agam. . ceapaim go bhfuil an díritheoir sin an ceann is mó réilimh.



Agus ansin, má thá mé ag súil le ghruaig casta, úsáidim trilseacháin "Mary Kate & Ashley".
Tá an ceann seo an mhaith agus tar éis é a úsáid, bíonn mo ghruaig mar seo




Ach, má tá tú ag úsáid trilseacháin, bí cinnte chun sprae gruaige a chur isteach chomh maith.

Chomh maith le sin, beimid in ann dul go dtí an Chorrán agus an sraidbhaile agus airgead a chaitheamh.
Sa phictiúr seo, níor rinne mé ach na hinisealacha "P" le haghaidh "Paisean", "L" le haghaidh "Le", "H" le haghaidh "hAghaidh" agus "F" le haghaidh "Faisean"..
Paisean le hAghaidh Faisean.



Ná déán dearmad faoi ár ríomhphost: paiseanlehaghaidhfaisean@gmail.com
Má thá aon ceisteanna nó moltaí agat, seol iad dúinn agus cuirfimid cabhair duit.
Má thá aon fadhbanna agat faoi faisean agus má thá tú ag lorg freagra, is féidir leat r-phost a sheol dúinn. . .



Agus chomh maith, ár leathanach "Facebook."
Is féidir leat an leathanach seo a "like" agus beidh tú in ann an eolas faoi na rudaí is déanaí atá suas ar an mblag a fheiceáíl.

I rith an briseadh lár téarma, beimid in ann smideadh a chaitheamh agus rudaí eile mar sin a dhéanamh. . ach caithimid cuimhneamh go mbeidh scrudaithe againn nuair a sroichimid ar áis agus staidéar a dhéanamh.

Beidh mise ag déanamh staidéar ar scoil i rith an tseachtain. . . cad faoi tusa?

Tá súil agam go mbaineann tú taitneamh as na laethanta. . . :-)
Slán.

Wednesday, October 26, 2011

Agallaimh le hIníon Ní Anragáin agus Iníon Ní Fhearghail.



Dia dhaoibh Sionnainn anseo,
Inniu rinne mise agus Sorcha agallaimh le hIníon Ní Anragáin.

Is muinteoir Gaeilge í agus mar sin, bhí sí níos mó ná sásta chun agallaimh a dhéanamh linn. . .

Go raibh maith agat!

Bhíomar ag súil chun a fháil amach cupla píosaí eolais faoi an muinteoir seo agus mar sin bhí 16 ceisteanna againn.

B'fhéidir go mbeidh cúpla grianghrafanna againn níos déanaí!

Chun é a fheiceáil, cliceáil anseo agus tá sé ar bhun an leathanaigh.

Anois, tá an agallaimh a rinneamar le hIníon Ní Fhearghail suas chomh maith :-)

Slán!

Tuesday, October 25, 2011

Rudaí Nua


Dia dhaoibh Sionnainn anseo,
Tá físeán nua suas againn ar bhun an leathanaigh "Bróga."
Bhí é seo ár gcéad físeán agus mar sin ní raibh sé go hiontach nó ró spéisiúl ach an chéad uair eile, déanfaidh mise agus Sorcha ceann le chéile.
Chomh maith le sin, b'fhéidir go mbeimid in ann agaillamh a dhéanamh le duine éigin agus an físeán a chur suas.

Chomh maith le sin, chun an nuacht nua faoin Margadh Cáca a fheiceáil cliceáil anseo agus téigh do dtí bun an leathanaigh.
Beidh an t-airgead a fuair Loyola 3 ag dul go dtí P.S.P (Motor Neurons Disease)

Monday, October 24, 2011

Carolín: Comórtas Cuisle


Dia dhaoibh Sionnainn anseo,
An tseachtain seo chaite, fuair Carolín (an cailín a rinne agaillimh linn chomh maith) nuacht an-mhaith.
Tháinig sí sa chéad áit i gcomórtas "Cuisle."
Is comórtas filíocht é an comórtas seo agus scríobh Carolín dán an deas.
Seo é an dán:

Ár gCuimhní
Anois is gaoth bhog ag séideadh,
Is muid sa ghairdín inár luí,
Ag caint go ciúin ar an bhféar,
Is féachaint ar an ngrian ag dul faoi.

Beidh brón orainn ag fágail,
Ach geallaimid bheith ar áis go fóill,
Anois deirimid slán, ach
Mairfidh ár gcuimhní go deo.

Nach dán álainn é sin?

Bhuel. . . faoin faisean. . . Is é seo pictiúr do Carolín réidh chun dul go dtí dioscó!

Tá sí ag féachaint go hálainn.
Chuireamar cúpla ceisteanna di faoin feisteas seo.
Seo iad na siopaí a cheannaigh sí na héadaí atá tú ábalta a fheiceáil sa ghrianghraf.

Sciorta- Noname
Léine- Tally Weijl
Gearrthóg Gruaige- Penneys
Bráisléid- Penneys+H&M

Comhghairdeas Carolín, maith thú :-)

Ríomhphost Nua


Dia dhaoibh Sionnainn anseo,

Tá ríomhphost nua againn ar "Paisean le hAghaidh Faisean."

paiseanlehaghaidhfaisean@gmail.com

Má thá aon ceisteanna agat is féidir leat iad a sheoladh go dtí an r-phost seo,
Má thá aon moltaí agat is féidir leat iad a sheoladh go dtí an r-phost seo,
Má thá aon fadhbanna faoi faisean agat. . . seol iad go dtí an r-phost seo agus cabhróimid tú!

Sunday, October 23, 2011

Agallaimh ar "Paisean le hAghaidh Faisean"


Dia Dhaoibh Sionnainn anseo,
Go dtí seo, rinneamar agallaimh le Lorna agus Carolín. . . scoláirí sa triú bhliain. . .

ach beidh an blag ag fáil níos spreagúil.
Mar. . . beimid ag déanamh agallaimh le na muinteoirí chomh maith. . .

D'aontaigh Iníon Ní Anragáin agus Iníon Ní Fhearghail chun ceann a dhéanamh linn an tseachtain seo.
Tá na ceisteanna réidh againn. . . tá 15 scríofa agam agus tá cúpla ag Sorcha ach níor chonaic mé iad fós. . . píocfaimid na ceisteanna is suimiúil agus beidh sibh. . na léitheoirí in ann a bhfreagraí a fheiceáil sa leathanach "Agallaimh."

Beimid ag chur céisteanna ag muinteoirí eile chomh maith mar tá stíl iontach chun a fheiceáil sa seomra foirne.

Ach. . . an bhfuil aon rud atá tusa ag súil chun a fháil amach faoi na muinteoirí?
Fág trácht ar bhun an leathanaigh má thá ceist maith agat.
Cé hí an muinteoir is faiseanta dar leat? Inis dúinn. . .

Éadáí Cosúila i Siopaí Difriúila


Dia dhaoibh Sionnainn anseo,
Inniu beidh mé ag caint faoi an difríocht i bpraghas idir éadaí atá ar dhíol i siopaí difriúila.
Tá suíomhanna an-mhaith ag New Look, Top Shop, River Island, Hollister agus Abercrombie & Fitch.
Mar sin, d'fhéach mé timpeall na suíomhanna sin chun a fheiceáil an bhfuil éadaí cosúila timpeall na háite agus cad é an difríocht idir na praghsanna.
Bhí sé deacair chun éadaí mar a gcéanna a fháil ach sa deireadh, seo cad a chonaic mé.

Tá geansaithe mar seo mó réilimh sa lá atá againn inniu ann.
Tá na geansaithe seo beagáinín éagsúla mar tá dearadh difriúil ar agus níl pócaí ag an ceann as New Look.
Ach caithfidh mé a rá, i mo thuairim pearsanta féin, go bhfuil an ceann as River Island níos fearr.
Tá sé níos daora ach ní maith liom conas atá an ceann as New Look ró ghléineach.
B'fhéidir go bhfuil an geansaí as New Look níos mó le haghaidh daoine níos sine.



Is stíl nua iad na brístí seo.
Níl péire agam ach ag an lá dathanna, chonaic mé a lán daoine ag caitheamh iad.
Is maith liom na brístí as New Look mar feiceann siad deas leis an gcrios ach le haghaidh daoine óga, céapaim go bhfuil an péire as Top Shop níos fearr mar tá siad níos neamhfhoirmiúla.
Ach más déanaimid comparáid idir an praghas. . . tá an péire as New Look níos saora agus tá siad fós an-deas.
Is maith liom na brístí seo i dathanna eile chomh maith. . . chonaic mé a lán daoine óga ag caitheamh iad seo ach i ndonn agus i mbéasa.


Bhí mé sa sráidbhaile an tseachtain seo chaite agus shonraigh mé a lán daoine ag caitheamh geansaithe mar na geansaithe sa phictiúr.
Is breá liom na bheirt agaibh ach. . féach ar an gceann as River Island.
Tá scríobhneoireacht Francach ar agus is aoibhinn liom Fraincis agus mar sin, is é an ceann as River Island an ceann is fearr liom.
Ach is maith liom conas atá uimhir mór ar an gceann as New Look.
Ceapaim go mbeadh an ceann as New Look deas le bríste reatha ach an ceann as River Island níos fearr le jíons. Cad é do thuairim?
Is maith liom conas atá na muinchillí ar an gceann as River Island fillteacha suas.


Ag an deireadh, is aoibhinn liom bríste reatha as Abercrombie & Fitch agus Hollister.
Ceapaim go bhfuil na péirí thuas anseo go hálainn. . . ach tá difíocht mór idir an praghas.
Tá 18euro idir na praghsanna.
Bíonn na bríste reatha as na siopaí seo an-chompórdach freisin.
Caithfidh mé a rá go bhfuil méid níos fearr ag an péire Hollister ach is breá liom an péire as Abercrombie & Fitch chomh maith.

Seo iad na suíomhanna:
Abercrombie & Fitch - http://eu.abercrombie.com

Tá New Look agus River Island againn ar sráid an Chrúisigh.
Tá River Island eile agus Top Shop againn sa Chorrán.
Agus tá Hollister nua oscailte i nDún Droma.
Agus, ba mhaith liom a rá go bhfuil níos mó ná 1ooo "amas" ar an mblag againn anois :-) Go raibh maith agaibh.

Slán, x.

Thursday, October 20, 2011

Faisean sa Ghaeltacht


Dia dhaoibh Sionnainn anseo,
Cúpla lá ó shin, rinne mé post faoi faisean sa Ghaeltacht ach ní raibh a lán sonra ann.
Bhí sé níos mó mar na rudaí b'fhearr leat a cheannach le haghaidh an Gaeltacht.
Mar is eol daoibh, bíonn na scoláirí chun gléasta suas le haghaidh na céilí agus mar sin. . . . tabhairfidh mé cúpla smaointí daoibh mar b'fhéidir nach raibh cúpla don sibh sa Ghaeltacht ríomh. . . .

Ag tús an chúrsa. . . thosaigh smachta pointí. . . más rinne do theach an iarraidh. . . fuair do theach pointí agus mar sin ag deireadh an chúrsa bhí buaiteoirí. . . tháinig mo theach sa dara áit ag an deireadh. . . fuair na cailín as gco.Chorcaí an chéad áit ach bhí trí déag daoine ina dteach agus ní raibh ach seisear inár dteach.
Bhí céilí againn gach oíche agus uaireanta, bhíomar chun gléasta suas. Ag na céilí. . . d'fhoghlaíomar rince nua agus bhí an spraoi againn. Bhí gach buachaill chun dul suas go dtí cailín agus an ceist seo a chur uirthi "Ar mhaith leat rince liom?" agus ansin duirt an cailín "Ba mhaith gan dabht!"
Ar dtús. . . bhí oíche cúplaí cáiliúila. . . le haghaidh an oíche seo, bhí an deacracht againn ach sa deireadh. . . rinnemar ár gcuid ndícheall. . .
Ghléas beirt againn suas mar "Spongebobsquarepants" agus a chara "Patrick."
Chuamar isteach go dtí an sraidbhaile agus fuaireamar bosca.
Cheannaíomar péint agus rinnemar jab iontach ag cur aghaidh Spongebob ar an mbosca.
Ansin chaith Spongebob léine bán agus carbhat scoile chomh maith le bríste gearr. Ansin, chuireamar péint buí ar chosa agus lámha Spongebob agus bhí sé réidh.
Ansin, ghléas beirt eile suas mar "Mickey agus Minnie mouse."
Bhí na héadaí seo an-shimplí
Níor chaith Minnie ach t-léine agus cairdeagan dubh. . . ansin, bhí bríste gearr le bhreac bán aici. Bhí bríste pitseamaí iad ach d'fhéach siad an mhaith.
Ansin. . . bhí banda gruaige ag Minnie ach ní raibh aon ceann ag Mickey agus mar sin, rinnemar ceann le banda gruaige, péint dubh agus nuachtán.
Chaith Mickey t-léine bán, bríste gearr bán dearga agus bástcóta dubh a bhí ag ár mná tí.
Bhí na feistis seo an uathúil agus fuair na bheirt cúplaí pointí le haghaidh an teach.

Chomh maith le sin, bhí céilí ildaite againn. Rinne mo theach an iarraidh le haghaidh an oíche seo. . . agus b'fhéidir, gheobhaidh tusa cúpla smaointí le haghaidh an toghchán.
Chuireamar sprae gruaige inár ngruaig i ndathanna éagsúla.
Chuireamar péint lán timpeall ár gcoirp agus chaitheamar na héadaí is dathannach a bhí againn.

Bhí t-léine bán gan phatrún againn agus mar sin úsáideamar péint agus féach ar anois. . . . ag rá ainm ár dtí "Tigh Mháirín."
Ach chomh maith le na céilí gach oíche, bhí scoil againn gach lá agus tar éis dinnéar, bhí spórt againn.
Mar sin, bhíomar chun éadaí deas, compórdach a chaitheamh mar lae.

Seo pirimid a rinnemar ar scoil. Tá tú ábalta a fheiceáil go raibh éadaí neamhfhoirmiúla iad. . . .
bríste reatha agus geansaí nó b'fhéidir jíons.
Má thá tú ag dul go dtí an Gaeltacht, bí cinnte chun éadaí mar seo a thógáil leat mar uaireanta, i rith an samhraidh anseo in Éireann ní bhíonn an ghrian ag scoilteadh na gcloch!

Ag na gnáth céilí, chaitheamar sciortaí agus rudaí mar sin chomh maith le cuaráin nó bróga eile mar seo. . .

Má nach bhfuil tú cinnte faoi aon rud nó má tá tú ag lorg píosa comhairle. . . is féidir leat trácht a fhágáil ar bhun an leathanaigh :-)
Slán.

Tuesday, October 18, 2011

Faisean ag an Dioscó!


Dia dhaoibh Sionnainn anseo,
Inniu, beidh mé ag caint faoi faisean a bhíonn le feiceáil ag an dioscó. . .
Mar anois, táimid timpeall ar 14, 15, 16 bliana déag d'aois. . .
bíonn dioscónna ar siúl linn.
B'fhéidir go bhfuil cúpla daoine ag féachaint ar an mblag nach raibh ar dioscó ríomh agus níl clú acu cad ba cóir díobh a chaitheamh nó a dhéanamh

Bhuel. . . seo iad cúpla aiscí díobh!
Ar dtús. . . bíonn ceol ag seinnt an t-am ar fad ann. . .
agus mar sin, bíonn tú ag rince an t-am ar fad.
Má thá tú in ann bróga sál árd a chaitheamh le haghaidh an oíche ar fad, is féidir leat iad a caitheamh, ach beidh do chosa ab mharú an maidin i ndiaidh an dioscó!

Seo iad cúpla de na sort brógaí atá faiseanta chun a chaitheamh.
Tá tú in ann brógaí gan sál árd agus brógaí le sál árd a fheiceáil. . .
mar i ndáiríre. . .
ní bhíonn gach duine cróga chun brógaí le sál árd a chaitheamh le haghaidh 3 uair. . .
agus bíonn tú ag léim suas agus síos, ag rince agus ag seasamh. . an t-am ar fad!
Ná déan dearmad faoi sin!


Ansin, bíonn an rogha agat. . . . sciorta nó gúna agus cén sórt?
Bhuel is iad na sciortaí seo an sórt sciorta atá is choitianta le haghaidh dioscó.

Is iad "Noname", "H&M" agus "Forever 21" na siopaí is fearr chun na sciortaí seo a cheannach.
Níl "Forever 21" againn i Luimneach ach má thá tú i mBaile Átha Cliath, tá ceann ann agus is siopa le trí stór é. . . ró mhór. . .
Díolann sé sciortaí an deas mar na cinn atá sa ghrianghraf agus bíonn tú in ann sciorta le dearadh bláth a cheannach chomh maith.

Agus ansin. . . tagann an gruaig. . .
Cuireann an chuid is mó den daoine curlaí isteach don ghruaig nuair a bhíonn siad ag dul go dtí dioscó. . . nó fágann siad é síos díreach.
Is féidir leat curlaí mar na curlaí atá le feiceáil sa phictiúr a dhéanamh le "Curling Tongs", "Curling Wand", nó "GHD."
Ach ná déan dearmad chun sprae gruaige a úsáid chomh maith. . . .

Monday, October 17, 2011

An Spailpín Fánach


Dia dhaoibh Sionnainn anseo,
Inniu bhí mé ag caint le Lorna (an cailín a rinne ár gcéad agaillimh linn) ar "Facebook"
agus sheol sí an nasc seo dom.
Díolann an siopa seo rudaí a bhaineann leis an nGaeilge!
Tá an siopa suite sa Spidéal ach
tá tú in ann rudaí a cheannach as ar an idirlíon. . .

Bhí mé ag féachaint tríd é agus chonaic mé a lán rudaí deas. . . .
B'fhéidir nach bhfuil na héadaí is faiseanta ná na héadaí atá i "Penneys" ach tá siad as Gaeilge!


Seo é ceann amháin.
Tá a lán chinn eile ar dhíol ann chomh maith.
Tá an geansaí seo 32euro. . . ceart go lóir. . .beagáinín ró dhaor ach. . . deireann sé "Dána ach Deas"

Bhí lán na geansaithe eile thart ar an bpraghas sin agus mar sin d'fhéach mé ar na rudaí a bhí faoin leathanach "Ábhar Bronntanais"
Agus chonaic mé an peann seo. . .

"Ní scríobhann an peann seo ach GAEILGE"
Táim ag súíl chun peann mar seo a cheannach. . .
Nach mbeadh sé go hiontach. . . ag scríobh sa rang Gaeilge leis an bpeann seo?!
Tá praghas a lán níos fearr ag an rud seo 1.50euro.
Nuair a shroicheann mo mham abhaile, beidh mé ag cuir ceist uirthi chun ceann a cheannach dom. .

.
Nach mbeadh cása peann luaithe a lán níos faiseanta agam más raibh an peann seo ins an cása..!

Tá a lán rudaí eile ar dhíol ann chomh maith. . .
tá tú in ann brístíní a cheannach le haghaidh 7 euro
agus t-léinte le haghaidh 17euro. . .

Slán!

Nuashonrú
(Update)
Inniu (18ú) tháinig mé isteach ar maidin agus chonaic mé Lorna. Duirt sí liom go raibh brontannas aici ina taisceadán le haghaidh mise.
Thóg sí mála dom agus duirt sí liom chun é a choimead dúnta go dtí leath uair tar éis a trí nuair a chríochnaigh an scoil. . . ach ní raibh mé ábalta friotú!
D'oscail mé é ar scoil agus seo cad a chonaic mé. . .
T-LÉINE.. a cheannaigh sí liom ón siopa Spailpín Fánach!
Nach raibh sé sin an fhlaithiúil. . . is breá liom an abairt atá ar "Féach ar seo leaids!"
Agus is é gorm amháin do mo dhathanna is fearr!
Go raibh maith agat Lorna :D

Lá Dathanna

Dia dhaoibh Sionnainn anseo,


Mar is eol daoibh, bhí lá dathanna againn ar scoil inniu.
Tá iontráil ceart déanta agam faoin leathanach "Scoil"
B'fhéidir go bhfeicfidh tú go ghrianghraf ann!

Bhíomar ag dul timpeall leis an ceamara agus chonaiceamar stíl iontach i rith an lae.
Slán!

Sunday, October 16, 2011

Fáinní Modha

Dia dhaoibh Sionnainn anseo,

Nuair a bhí mé sa Ghaeltacht,
chuaigh na scoláirí go dtí an sraidbhaile ag an deireadh.
Nuair a bhíomar ann. . . . cheannaigh an chuid is mó don muid fáinní modha.
Cheannaíomar iad sa siopa seo le haghaidh 2euro ach táim cinnte go bhfuil siad ar dhíol i siopaí eile chomh maith.
Tá an siopa seo "The Dolphin Shop" sa Daingean agus dhíol sé a lán rudaí eile chomh maith.
Bhí na fáinní lán i mbosca mar seo. . . .
B'fhéidir go bhfuil tú ag rá. . conas a oibríonn na fáinní seo?
Bhuel. . . athraíonn dath do fháinne gach uair a athraíonn do teocht an choirp.
Mar sin nuair a bhíonn tú fuar, bíonn do fháinne dath amháin agus nuair a bhíonn tú te, bíonn sé dath eile.
Nuair a cheannaíomar iad. . . chuir an duine cartaí dúinn. . .
Agus mar sin bhí tú in ann insint nuair a bhí do fháinne dubh bhí tú "Stressed"....

D'fhéach na fáinní mar seo. . .
Agus seo iad lámha mise agus mo bheirt cairde ag caitheamh iad sa Ghaeltacht. . . .

Tá mise fós ag caitheamh mo cheann. Ceapaim go bhfuil na fáinní seo difriúila ach is maith liom iad mar is píosai seodora neamhfhoirmiúla iad.
Tá siad deas chun a chaitheamh i rith an lae mar níl siad ró-mhór.


Wednesday, October 12, 2011

S.R.C Seo Faisean!

Dia dhaoibh Sorcha anseo,
Bhí seo faisean ar siúl an tseachtain seo chaite le haghaidh "Shannon Rowing Club."
Seo iad ach cúpla dos na cinn atá ag Munster Images !
Ach is féidir leat dul ar Facebook agus iad go léir a fheicéail !




Glac a lán de na daoine a téann ag rámhaíocht páirt sa seo faisin. . . . . buachaillí agus cailíní agus bhí oíche an- taitneamhach é.
Sa dara pictiúr tá tú in ann Laura, Claire, Nicole agus Sarah a fheiceáil as an triú bhliain i gCnoc Na Labhras.
An raibh tú ag an seo faisean?

Cuardigh PLHF

Blag Gaeilge Iníon Uí Iarlaithe

Followers

Ríomhphost

paiseanlehaghaidhfaisean@gmail.com