Monday, October 17, 2011

An Spailpín Fánach


Dia dhaoibh Sionnainn anseo,
Inniu bhí mé ag caint le Lorna (an cailín a rinne ár gcéad agaillimh linn) ar "Facebook"
agus sheol sí an nasc seo dom.
Díolann an siopa seo rudaí a bhaineann leis an nGaeilge!
Tá an siopa suite sa Spidéal ach
tá tú in ann rudaí a cheannach as ar an idirlíon. . .

Bhí mé ag féachaint tríd é agus chonaic mé a lán rudaí deas. . . .
B'fhéidir nach bhfuil na héadaí is faiseanta ná na héadaí atá i "Penneys" ach tá siad as Gaeilge!


Seo é ceann amháin.
Tá a lán chinn eile ar dhíol ann chomh maith.
Tá an geansaí seo 32euro. . . ceart go lóir. . .beagáinín ró dhaor ach. . . deireann sé "Dána ach Deas"

Bhí lán na geansaithe eile thart ar an bpraghas sin agus mar sin d'fhéach mé ar na rudaí a bhí faoin leathanach "Ábhar Bronntanais"
Agus chonaic mé an peann seo. . .

"Ní scríobhann an peann seo ach GAEILGE"
Táim ag súíl chun peann mar seo a cheannach. . .
Nach mbeadh sé go hiontach. . . ag scríobh sa rang Gaeilge leis an bpeann seo?!
Tá praghas a lán níos fearr ag an rud seo 1.50euro.
Nuair a shroicheann mo mham abhaile, beidh mé ag cuir ceist uirthi chun ceann a cheannach dom. .

.
Nach mbeadh cása peann luaithe a lán níos faiseanta agam más raibh an peann seo ins an cása..!

Tá a lán rudaí eile ar dhíol ann chomh maith. . .
tá tú in ann brístíní a cheannach le haghaidh 7 euro
agus t-léinte le haghaidh 17euro. . .

Slán!

Nuashonrú
(Update)
Inniu (18ú) tháinig mé isteach ar maidin agus chonaic mé Lorna. Duirt sí liom go raibh brontannas aici ina taisceadán le haghaidh mise.
Thóg sí mála dom agus duirt sí liom chun é a choimead dúnta go dtí leath uair tar éis a trí nuair a chríochnaigh an scoil. . . ach ní raibh mé ábalta friotú!
D'oscail mé é ar scoil agus seo cad a chonaic mé. . .
T-LÉINE.. a cheannaigh sí liom ón siopa Spailpín Fánach!
Nach raibh sé sin an fhlaithiúil. . . is breá liom an abairt atá ar "Féach ar seo leaids!"
Agus is é gorm amháin do mo dhathanna is fearr!
Go raibh maith agat Lorna :D

No comments:

Post a Comment

Fág trácht le do thuairmí agus smaointí féin!

Cuardigh PLHF

Blag Gaeilge Iníon Uí Iarlaithe

Followers

Ríomhphost

paiseanlehaghaidhfaisean@gmail.com