Tuesday, October 18, 2011

Faisean ag an Dioscó!


Dia dhaoibh Sionnainn anseo,
Inniu, beidh mé ag caint faoi faisean a bhíonn le feiceáil ag an dioscó. . .
Mar anois, táimid timpeall ar 14, 15, 16 bliana déag d'aois. . .
bíonn dioscónna ar siúl linn.
B'fhéidir go bhfuil cúpla daoine ag féachaint ar an mblag nach raibh ar dioscó ríomh agus níl clú acu cad ba cóir díobh a chaitheamh nó a dhéanamh

Bhuel. . . seo iad cúpla aiscí díobh!
Ar dtús. . . bíonn ceol ag seinnt an t-am ar fad ann. . .
agus mar sin, bíonn tú ag rince an t-am ar fad.
Má thá tú in ann bróga sál árd a chaitheamh le haghaidh an oíche ar fad, is féidir leat iad a caitheamh, ach beidh do chosa ab mharú an maidin i ndiaidh an dioscó!

Seo iad cúpla de na sort brógaí atá faiseanta chun a chaitheamh.
Tá tú in ann brógaí gan sál árd agus brógaí le sál árd a fheiceáil. . .
mar i ndáiríre. . .
ní bhíonn gach duine cróga chun brógaí le sál árd a chaitheamh le haghaidh 3 uair. . .
agus bíonn tú ag léim suas agus síos, ag rince agus ag seasamh. . an t-am ar fad!
Ná déan dearmad faoi sin!


Ansin, bíonn an rogha agat. . . . sciorta nó gúna agus cén sórt?
Bhuel is iad na sciortaí seo an sórt sciorta atá is choitianta le haghaidh dioscó.

Is iad "Noname", "H&M" agus "Forever 21" na siopaí is fearr chun na sciortaí seo a cheannach.
Níl "Forever 21" againn i Luimneach ach má thá tú i mBaile Átha Cliath, tá ceann ann agus is siopa le trí stór é. . . ró mhór. . .
Díolann sé sciortaí an deas mar na cinn atá sa ghrianghraf agus bíonn tú in ann sciorta le dearadh bláth a cheannach chomh maith.

Agus ansin. . . tagann an gruaig. . .
Cuireann an chuid is mó den daoine curlaí isteach don ghruaig nuair a bhíonn siad ag dul go dtí dioscó. . . nó fágann siad é síos díreach.
Is féidir leat curlaí mar na curlaí atá le feiceáil sa phictiúr a dhéanamh le "Curling Tongs", "Curling Wand", nó "GHD."
Ach ná déan dearmad chun sprae gruaige a úsáid chomh maith. . . .

No comments:

Post a Comment

Fág trácht le do thuairmí agus smaointí féin!

Cuardigh PLHF

Blag Gaeilge Iníon Uí Iarlaithe

Followers

Ríomhphost

paiseanlehaghaidhfaisean@gmail.com