Dia dhaoibh Sionnainn anseo,
Nuair a bhí mé sa Ghaeltacht,
chuaigh na scoláirí go dtí an sraidbhaile ag an deireadh.
Nuair a bhíomar ann. . . . cheannaigh an chuid is mó don muid fáinní modha.
Cheannaíomar iad sa siopa seo le haghaidh 2euro ach táim cinnte go bhfuil siad ar dhíol i siopaí eile chomh maith.
Tá an siopa seo "The Dolphin Shop" sa Daingean agus dhíol sé a lán rudaí eile chomh maith.
Bhí na fáinní lán i mbosca mar seo. . . .
B'fhéidir go bhfuil tú ag rá. . conas a oibríonn na fáinní seo?
Bhuel. . . athraíonn dath do fháinne gach uair a athraíonn do teocht an choirp.
Mar sin nuair a bhíonn tú fuar, bíonn do fháinne dath amháin agus nuair a bhíonn tú te, bíonn sé dath eile.
Nuair a cheannaíomar iad. . . chuir an duine cartaí dúinn. . .
Agus mar sin bhí tú in ann insint nuair a bhí do fháinne dubh bhí tú "Stressed"....
D'fhéach na fáinní mar seo. . .
Agus seo iad lámha mise agus mo bheirt cairde ag caitheamh iad sa Ghaeltacht. . . .
Tá mise fós ag caitheamh mo cheann. Ceapaim go bhfuil na fáinní seo difriúila ach is maith liom iad mar is píosai seodora neamhfhoirmiúla iad.
Tá siad deas chun a chaitheamh i rith an lae mar níl siad ró-mhór.
No comments:
Post a Comment
Fág trácht le do thuairmí agus smaointí féin!