Thursday, June 6, 2013

Leid Praghasghearrtha

Dia daoibh Sionainn anseo,  

Thaispeán mé daoibh an coimeádán atá agam do m'fháinní cluaise i bpost eile ach ba mhíbhuntáiste a bhí ag baint leis ná go raibh sé saghas daor fiú go raibh sé fiorfe agus álainn ach táim tar éis rud éigin eile le príomh-úsáid difriúil a aimsiú gur féidir a úsáid do d'fháinní cluaise. Na rudaí is fearr faoi ná nach gcaithfidh tú aon obair a dhéanamh chun é a 'chruthú'  agus go bhfuil praghas níos saibhre ar. 
Is é an rud ar chlé an rud atá dírithe ar fháinní cluaise a choimeád néata agus an rud ar dheis- sin rud chun do phinn a choimeád in ordú ach réalaigh mé go raibh an dearadh céanna ar an dá ceann- miotal le poill breaga. Déanann an dá ceann an jab céanna. 
Is dóigh liom nár íoc mé ach €1.50 don cheann seo i Tesco agus bhí an ceann eile níos costasaí ar €11 no €12. Mar sin, is margadh agus smaoineamh an-mhaith é seo. 
Agus... Tá an spás céanna fós ann do phinn ach bheartaigh mé baitíní cadáis (cotton buds) agus mo ghlantóir cluaise a chur isteach in ionad pinn nach mbeadh ró oiriúnach in éineacht leis na fáinní cluaise. 

Cá coimeádann tusa d'fháinní cluaise agus déan cur síos ar an bpéire fáinne cluaise is fearr leat?! 

Sionainn, x.  

No comments:

Post a Comment

Fág trácht le do thuairmí agus smaointí féin!

Cuardigh PLHF

Blag Gaeilge Iníon Uí Iarlaithe

Followers

Ríomhphost

paiseanlehaghaidhfaisean@gmail.com