Friday, June 7, 2013

Crochadán Flipfleapanna

Dia daoibh Sionainn anseo,

Inniu réalaigh mé go raibh mo bhosca bróga plódaithe le bróga éagsúla agus go raibh sé ag éirí ró mhíshlachtmhar agus ró dheacair mo bhróga a choimeád in ordú. Chuireas mo hata smaoite orm agus tháinig mé suas leis an smaoineamh seo... Cruchadáin a úsáideann tú i do vardrús a úsáid do d'fhlipfleapanna. 
Caithfidh mé a rá go bhfuilim an-sásta leis seo mar gur féidir liom iad ar fad a fheiceáil gan aon phéire a bhogadh agus bíonn jab an-éasca agam péire a chur ar ais nuair a bhíonn mé críochnaithe leo. 
Tá gá crúcaí a bheith agat ar do chruchadáin chun é seo a dhéanamh ach bhí mo chruchadáin ar fad mar seo. Ar a laghad is féidir liom bróga a chur orm gan an tseomra a fhágáil trína chéile. 

Cad a cheapann tú faoin smaoineamh seo? 

Sionainn, x. 


No comments:

Post a Comment

Fág trácht le do thuairmí agus smaointí féin!

Cuardigh PLHF

Blag Gaeilge Iníon Uí Iarlaithe

Followers

Ríomhphost

paiseanlehaghaidhfaisean@gmail.com