Monday, October 22, 2012

Conas d'Aibhsitheoir Féin a Chruthú

Dia dhaoibh Sionainn anseo, 

Tá cúpla duine ar eolas agam a chaitheann an aibhsitheoir "High Beam" as "Benefit" agus chuala mé go ndéanann aibhsitheoir a lán maitheas duit. Ar ndóigh, ba bhreá liom ceann daor a cheannach ach roimh é sin, rinne mé beagáinín taighde agus fuair mé amach go féidir leat d'aibhsitheoir féin a chruthú. Is féidr jab "Déin Féin É" ("DIY") a dhéanamh agus d'aibhsitheoir féin a chruthú le rudaí eile atá agat sa bhaile.  B'fhéidir nach bhfuil sé comh maith ná na cinn atá ar dhíol i gcomhair triocha euro ach, chaith mé é ar maidin agus bhíothas an- sásta leis. 

Is é cad a chaithfidh tú bheith agat ná glantóir (cleanser), prímeálach agus scáthú súl- dath uachtar nó péarla. D'úsáid mé glantóir as ""Declor". Is glantóir é an buidéal bán agus is tonóir é an buidéal bán dearg. Is sciamheolaí í m'aintín agus úsáideann sí rudaí as "Decléor" an t-am ar fad. Thug sí na rudaí sin dom mar brontannas agus is breá liom iad. Is dóigh liom go bhfuil rudaí as "Decléor" an- chostasach, b'fhéidir fiche cúig euro i gcomhair buidéal amháin- ní bheadh mise ag íoc an praghas sin. Ach, is cuma cén sórt glantóir a úsáideann tú. Is féidir é a bheith as Boots, nó Tescos, nó aon bhranda- is cuma. 
Ní raibh ach beagáinín prímeálach agam ach, níl an prímeálach ró- thábhachtach. D'úsáid mé scáthú súl ó "No 7". Bhí an dath fiorfe agam- an ceann ag bun an phictiúir. Comh maith le sin, d'úsáid mé spúnóg agus coimeádán beag chun gach rud a chur le chéile. 


Tá na céimeanna an- simplí. Cuireann tú isteach beagáinín glantóir, beagáinín prímeálach agus ansin, an scáthú súl. Is féidir leatsa bheith an breitheamh leis an méid scáthú súl, prímeálach agus glantóir a úsáideann tú. 
Nuair atá sé lán meascaithe le chéile, tá críochnaithe agat. Bhí sórt dath bradán nó péarla ar an aibhsitheoir nuair a bhí sé críochnaithe. Féachann tú níos dúisithe nuair atá aibhsitheoir á chaitheamh agat. 

Ansin, chuir mé é i bpota beag. Chun fáil amach faoi na háiteanna ina b'fhearr leat aibhsitheoir a chur ar d'aghaidh, fanaigí i gcomhair post faoi na "Trí Cs" a bheidh ag teacht go luath. 

Ar úsáid tú aibhsitheoir ríomh? 







No comments:

Post a Comment

Fág trácht le do thuairmí agus smaointí féin!

Cuardigh PLHF

Blag Gaeilge Iníon Uí Iarlaithe

Followers

Ríomhphost

paiseanlehaghaidhfaisean@gmail.com