Saturday, June 15, 2013

Cúrsa Smididh 'Urban Decay'

Dia daoibh Sionainn anseo, 

Chas mé sé bliana déag d'aois i mí na Bealtaine agus mar bhrontannas , thug mo mham é seo dom. Is é seo dearbhán don chúntar Urban Decay i Debenhams ach ní dhearbhán chun smideadh a cheannach amháin é. Leis an dearbhán seo, déantear cúrsa smididh i rith lá amháin agus faightear smideadh don méid airgid a íoc tú as an dearbhán. Chostaigh an dearbhán seo €120 chun an cúrsa smididh a dhéanamh i rith lá amháin ach is féidir €200 a íoc as ceann eile agus an cúrsa a chríochnú i gceithre seachtaine. Roghnaigh sí an ceann seo dom mar leis an gceann eile, bíonn gá tú féin a thiomnú dos na ranganna ar feadh ceithre seachtaine. Beidh sé á dhéanamh agam ar an 23ú agus ar an lá sin, piocfaidh mé aon phíosaí smideadh a thaitníonn liom agus ní bheidh gá orm íoc astu fad is a bheidh siad níos saibhre ná €120 nó díreach €120. Go simplí, faigheann tú an cúrsa smididh sórt saor in aisce mar go gcaitheann tú an méid airgid sin ar an smideadh. 


Seo hiad na rudaí a chlúdaíonn an cúrsa: 
Ullmhúcán craicinn
Cruthanna aghaidheanna agus toin craicne
Ag aimsiú an bonnsmideadh ceart
Comhrianú an snua (Contouring of the complexion)
Deilbhiú malaí 
Ag cur gach sórt scáthú súl ort
Stíl lae
Súile "deataithe"
Fabhraí a chur ort
Leideanna agus cleasanna

Níl a fhios agam cad a phiocfaidh mé fós- níor cheannaigh mé ach scáthú súl, mascara agus línitheoir súl ann ríomh. Tá cúpla rud feicithe agam b'fhéídir gur mhaith liom- idir líontóir malaí, scuaba, bonnsmideadh agus rudaí eile de gach uile sórt, beidh rogha leathan agam. 

An raibh sé ar eolas agat go raibh na cúrsaí seo ar siúl ag Urban Decay i Debenhams? Ar dhein tú nó an ndéanfá cúrsa cósúil le seo? 

Sionainn, x. 

4 comments:

  1. Is aoibhinn liom an leagan amach nua!!!

    ReplyDelete
    Replies
    1. Go raibh míle maith agat a Lorna- tá áthas an domhain orm go dtaitníonn sé leat! :D

      Delete
  2. Is aoibhinn liom do bhlog!Is brea liom an teanga Gaeilge!

    Sorry about speaking as Bearla, but I'd like to thank you for the lovely comment, and I'm not quite sure how to say this in Irish, but can you please follow my blog? I'd love to get to 100 followers on my blog too as well as Instagram! Your blog is in my Blogs I Love section BTW!

    P.S An dteann tu and scoil Gaeilge?

    www.dorkyfizzyandquirkystuff.blogspot.com

    ReplyDelete
    Replies
    1. Go raibh míle maith agat Jane! Ná bí buartha faoi Bhéarla a úsáid! :) is "follower" mé anois agus tá súil agam go bhfaigheann tú 100 "followers" go luath :D Nope, is scoil Béarla í ach is aoibheann aoibheann liom Gaeilge!!

      Delete

Fág trácht le do thuairmí agus smaointí féin!

Cuardigh PLHF

Blag Gaeilge Iníon Uí Iarlaithe

Followers

Ríomhphost

paiseanlehaghaidhfaisean@gmail.com