Tuesday, June 18, 2013

"Haul" ón Spáinn

Dia daoibh Sionainn anseo, 

Má tá sibh ag smaoineamh tar éis an teideal a léamh go rabhas sa Spáinn le déanaí- ní raibh. Ba bhreá liom más raibh sé mar sin ach níl sé! Nuair a bhíothas sa Fhrainc, chuaigh mo mham, mo dheirfiúr agus mo neacht go dtí Zaragosa chun cuairt a thabhairt do mo dheartháir. Ar ndóigh, ní raibh an saoire mar a gcéanna gan mise ach níor dhein sé difríocht domsa mar go rabhas sa Fhrainc. Níor shroich siad abhaile gan aon rud a cheannach dom- d'aimsigh siad siopa smididh nach bhfuil againn in Éirinn- KIKO

Is luisneach donnaithe (bronzing blusher) é seo tá sé briste suas go dtí trí pháirt- ceann amháin bán dearg- soiléar gur luisneach é an ceann sin agus tá na cinn eile donn mar gur donnaitheoirí iad. Is féidir do scuab a chur i lár an chiorcal agus meascán idir an trí dath a úsáid nó is féidir leat a bheith cuaramách agus dath amháin a úsáid más mian leat. Chostaigh é seo €7 agus caithfidh mé a rá gur é seo agus an púdar a fheicfidh sibh níos déanaí na rudaí is fearr liom. 

Bhí BB cream á lorg agam an t-am ar fad agus lá amháin nuair a bhíothas i Tesco, phioc mé suas ceann Nivea ach bhí díomá orm leis mar go raibh sé ró dhorcha dom agus d'fhéach sé mar a fhéachann bonnsmideadh normálta. Cheapas go mbdeadh sé cósúil le maothóir bán le imir (tint) bhéasa. Tá an ceann seo díreach mar sin. Tá cúpla fáth ann go dtaitníonn sé liom agus cúpla fáth eile nach mbeadh sé á chaitheamh agam lá i ndiaidh lae. Nuair a bhí sé sin á chaitheamh agam in ionad bonnsmideadh láidir, thug sé sórt sos do mo chraiceann ach níor dhein sé an jab céanna ná mo bhonnsmideadh mar ar ndóigh, níl sé de cheart go ndéanfadh an dá ceann an jab céanna. Níor thug an BB Cream an cumhdach (coverage) céanna a thugann mo "Bare Minerals" dom agus ní hé seo ach mise agus mo chraiceann ach is fearr liom púdar ná leacht (liquid) mar bhonnsmideadh nó sórt bonnsmideadh. Is cinnte go gcaithfainn é ó am go ham ach ní gach lá. 

Níor chaith mé mórán airgid ríomh ar phúdar agus ceapaim gur é seo an ceann is daora a bhí agam ag €11 ach is eol dom anois go n-athraíonn cáil an phúdair leis an athrú idir praghasanna. Níor úsáid mé púdar gach uille lá den bhliain roimh an ceann seo a fháil- níor dhein sé difríocht dom más úsáid mé nó muna n-úsáid mé é ach ceapaim go ndéanann an púdar seo an- difríocht do mo smideadh. Taitníonn an uigeacht (texture) dom mar gur púdar mianaigh (mineral powder) é agus caithfidh mé a rá go bhfuilim céad faoin gcéad sásta leis. 

Is breá liom píosaí nua a fháil do mo mhála smididh agus is aoibheann liom a aimsiú go n-oibríonn píosa smideadh go maith liom mar i ndáiríre, táimid go léir difriúil, tá craiceann difriúil againn agus oireann rudaí áirithe daoine áirithe níos fearr ná daoine eile. 

Bhíothas an- sásta agus an- bhuíocasach nuair a thugadh na rudaí seo dom tar éis filleadh abhaile ón Fhrainc.   Nuair a chríochnaíonn na rudaí seo, b'fhéidir go mbeidh mé ag cur glaoch ar mo dheartháir níos mó a sheoladh anseo nó b'fhéidir go bhfanfaidh mé go dtí go bhfaigheann mise an seans dul ann ar cuairt! 

Ar cheannaigh tú smideadh thar lear ríomh?

Sionainn, x.




No comments:

Post a Comment

Fág trácht le do thuairmí agus smaointí féin!

Cuardigh PLHF

Blag Gaeilge Iníon Uí Iarlaithe

Followers

Ríomhphost

paiseanlehaghaidhfaisean@gmail.com