Thursday, February 21, 2013

Nuacht Daoibh

Dia daoibh Sionainn anseo, 

Tá áthas orm a rá go bhfuil mé ar áis. Tá liosta fada agam dos na rudaí a bhí ag coimeád gnóthach mé le déanaí: 

  • Turas Sciála- bhí seachtain dochreidte agam sa Fhrainc, ní dhéanfaidh mé dearmad ar go deo. Má tá feisteas sciála á lorg agat, is eol dom tar éis labhairt leis na cailíní go léir gurbh iad Lidl, Aldi, TK Maxx na háiteanna leis na praghsanna is fearr gan dul ag taisteal. Tháinig éadaí eile óna asraonta (outlets) i gCill Dara agus m'éadaí féin, cheannaigh mé iad i "Landers Outdoor World" i dTrá Lí. Seo cúpla leid daoibh- bígí ag faire amach sa samhradh mar go mbíonn na héadaí sciála curtha ar lacáiste i rith na míosa sin sna siopaí. Féachaigí sna catalóga a bhíonn ag Lidl agus Aldi gan seachtain mar go mbíonn gá dul an maidin díreach ina théann siad ar dhíol má theastaíonn uait do dath nó stíl is fearr a fháil. Le TK Maxx, ná déanaigí dearmad go ndíolann na siopaí go léir rudaí difriúile- is fiú súil a choimeád sna siopaí TK Maxx timpeall na tíre freisin. 

  • Bhí díospóireacht eile le hullmhú againn- ceann don bhabhta roimh an Chraobh Réigiúnach. Bhí gá a lán oibre a chur isteach agus mar sin, chaith mé mo chuid ama ar Microsoft Word ag closcríobh é seachas ar PLHF ag póstáil. Bhí an díospóireacht ar siúl againn oíche aréir i dTrá Lí. D'éirigh mé tinn go tobann maidin inné agus ní rabhas in ann an bus a thógáíl leis na cailíní eile ach bhíothas meáite ar pháirt a ghlacadh. Gan dabht, ní rabhas chun m'fhoireann a ligeadh síos agus thiomáin mo mham, mo dheirfiúr agus mo neacht mé suas agus sa deireadh, bhí an bua ag mise, Lorna agus Rachel comh maith leis an bhfoireann ó Phobalscoil Eoin Baiste. 
Debating

  • Beidh cailín ón Fhrainc ag teacht chun fanacht liom ag deireadh na míosa agus bhíothas i dteangmháíl léí le déanaí. Táim ag súil go mbeidh mé in ann níos mó a fháil amach faoi fhaisean sa Fhrainc- na siopaí is fearr leis na déagóirí, an difríocht idir na treochtaí anseo agus sa Fhrainc isrl. Beidh sí ag teacht ó Angers.

  • Agus anois, an nuacht iontach! Don dara uair, chur Paisean le hAghaidh Faisin iontráil isteach dos na Junior Spiders Awards agus tá áthas an domhain orm a rá gur tháinig an gearrliosta amach agus go bhfuil PLHF gearrliostaithe don choincheap is fearr agus don suíomh is fearr as Gaeilge! 
An raibh Lá San Vailintín deas agat?

Sionainn, x.

No comments:

Post a Comment

Fág trácht le do thuairmí agus smaointí féin!

Cuardigh PLHF

Blag Gaeilge Iníon Uí Iarlaithe

Followers

Ríomhphost

paiseanlehaghaidhfaisean@gmail.com