Saturday, February 2, 2013

Bréid Easa

Dia daoibh Sionainn anseo, 

Inniu chaith mé a lán ama ar an idirlíon ag féachaint ar fhíséain éagsúla agus ar ndóigh, d'aimsigh mé cúpla cinn a bhí bunaithe ar ghruaig. Ba eol dom go raibh a lán bréideanna amach ann ach bhain mé triail as ceann nua níos luath- ceann atá an simplí má thógann tú bog é. Is é an t-ainm atá ar an mbréid seo ná bréid easa (waterfall braid) agus tá sé an- chosúil le bréid normálta seachas le hathrúchán amháin.Tá sé éasca go leor na treoracha seo a leanúint ach má chuardaíonn tú bréid easa as Béarla i YouTube, aimseoidh tú a lán físeáin ag taispeáint conas iad a dhéanamh, b'fhéidir beagáinín níos soiléire.

Seo í Sally mo cheann bábóige le bréid easa ina grúig. Tá slite difriúila chun iad a dhéanamh agus tá áiteanna eile chun iad a thosú ort agus mar sin, táim ag tnúth le gruaig Sally a athdhéanamh. Is é an rud atá difriúil iar an bréid seo agus ceann normálta ná go bhfágann tú píosa gruaige amháin síos gach uair agus go bpiocann tú suas píosa nua chun dul san áit ina raibh an píosa sean. 


An bhfuil tú in ann aon sórt bréideanna a dhéanamh ort féin? 

Le grá, Sionainn.




1 comment:

  1. This comment has been removed by a blog administrator.

    ReplyDelete

Fág trácht le do thuairmí agus smaointí féin!

Cuardigh PLHF

Blag Gaeilge Iníon Uí Iarlaithe

Followers

Ríomhphost

paiseanlehaghaidhfaisean@gmail.com