Monday, January 14, 2013

Foirmeálta nó Faiseanta? 



Dia daoibh Sionainn anseo, 

Bhuel bhí am dochreidte agam i mBÁC ag an Eolaí Óg- ní dhéanfaidh mé dearmad ar go deo. Ní raibh ach fadhb amháin agam ann ag baint leis an mblag agus le faisean- is é sin ná nach raibh móran seansanna agam siopadóireacht a dhéanamh. Bhíothas ann ón gCéadaoin agus ní fhaca mé siopa go dtí an Domhnach. 
Ní raibh ach uair agam chun siopadóireacht a dhéanamh in Ionad Jervis mar go rabhamar seiceáite amach ón óstán agus bhí mo dheirfiúr agus mo mhadra ag fanacht orm mar a rith mise agus mo mham isteach!
Ní raibh ach gá orm rud amháin a fháil... bhuel, feisteas amháin. Beidh grádúchán mo dheirfiúr ar siúl i rith na míosa agus bhí faic agam fós. Mar sin, bhí dhá roghanna agam- gúna nó bríste agus barr. D'imigh an uair amháin sin go han- tapa- ní rabhas i siopa amháin agus seo cad a cheannaigh mé. Gúna, seaicéad, fáinne cluaise, fáinne, faiscíní gruaige agus bráisléid lán faoi €63. 
Tá tosach an ghúna an- phléineáilta ach seo é an taobh eile. Tá droim an ghúna déanta le lása álainn a thaitníonn go mór liom. Is sórt gúna dubh clasaiceach é- Níl aon rud an- speisialta faoi ach déanfaidh sé an jab, féachann sé go deas orm agus comhlánaíonn sé m'fhigiúir. 
 Seo an seaicéad a cheannaigh mé. Is seaicéad bosca (box jacket) sórt bléasar é. Bhí gá air bheith gearr chun dul leis an ngúna agus tar éis trí nó ceithre cinn a chur orm a bhí lán ró- fhada, d'aimsigh mé an ceann seo. 
Is iad na rudaí atá fágtha ná an gabhálais. Tháinig lán na bráisléid le chéile- meascán idir péarlaí, bláthanna agus ribín. Tá péarlaí beaga i lár na fáinne cluaise. Tá cruath cuachóige (bow) ar an bhfáinne agus tháinig sé fhaiscín sa phaicéad céanna lán i gcomhair praghasanna an- réasúnta. Is as Forever 21 é gach rud. 

Is iad na rudaí aonaire atá fágtha agam chun cur leis an bhfeisteas ná péire riteoga agus bróga. 
Bhí fonn orm bheith ag féachaint go sofaisticiúil ach ag an am céanna is cinnte nach raibh fonn orm bheith ró fhoirmeálta. Már sin, tá bhur tuairmí á lorg agam- foirmeálta nó faiseanta? 

Foirmeálta nó Faiseanta?... Sin é an cheist! 

Le grá, Sionainn. 

No comments:

Post a Comment

Fág trácht le do thuairmí agus smaointí féin!

Cuardigh PLHF

Blag Gaeilge Iníon Uí Iarlaithe

Followers

Ríomhphost

paiseanlehaghaidhfaisean@gmail.com