Tuesday, January 15, 2013

Coirníní MUA


Dia daoibh Sionainn anseo,

Nuair a bhí mo litir á scríobh agam go Daidí na Nollag, d'iarr mé air an mbeadh sé in ann ciseach (hamper) a thabhairt dom le gach sórt rud ó stáiseanóireacht go vearnais ingne go rudaí bácála- rudaí beaga a thaithin liom. Bhí sé an- chileálta i mbliana agus chruthaigh sé an chiseach álainn seo dom. 
Mar go rabhas comh gnóthach, ní bhfuair mé an seans chun triail a bhaint as gach rud fós ach, rinne mé ingne mo dheirfiúr leis amháin dos na rudaí a fuair mé sa chiseach. Feicfidh sibh go bhfuil méar amháin difriúil óna cinn eile. Sin mar go bhfuil MUA Nail Constellation úsáidithe agam ar an méar sin. Is coirníní (beads) iad seo d'ingne. Is féidir iad a cheannach i Superdrug comh maith leis iad a fháil i gceardlann Daidí na Nollag. Is é an rud is fearr ná go gcosaíonn siad níos lú ná ceithre euro. €3.50 is dóigh liom. 

Tá a lán dathanna le ceannach ach is é ainm na coirníní seo ná "Leo". Is réaltchomharthaí iad lán na hainmeacha. Chun é a choimeád simplí, níor chuir mé iad ach ar mhéar amháin ar gach lámh. Ceapaim go bhféachann sé níos deise freisin mar seo. Táim an-bhuíochasach go raibh mo dheirfiúr sásta bheith mar mhun ghuine (guinea pig) agus ar ndóigh, "go raibh míle" mór do Daidí na Nollag as lán na brontannais. 
D'aimsigh mé pictiúr dos na dathanna eile atá le fáil sna siopaí. Déanfaidh mé léirmheas criticiúil orthu lá eile mar gur eol dom nár fhaca a lán daoine iad ríomh mar go bhfuil siad nua dos na siopaí. 

An raibh sé ar eolas agat gur eis (existed) na rudaí seo? 

Le grá, Sionainn. 

No comments:

Post a Comment

Fág trácht le do thuairmí agus smaointí féin!

Cuardigh PLHF

Blag Gaeilge Iníon Uí Iarlaithe

Followers

Ríomhphost

paiseanlehaghaidhfaisean@gmail.com