Monday, January 30, 2012

Faisean Sa Seomra Ealíne

Dia dhaoibh Sionnainn anseo, 

B'fhéidir go bhfuil é seo ar eolas ag cúpla duine ach i gcomhair na daoine eile, tá scoláire as V2 i gCnoc na Labhras sa chomórtas "Doodle 4 Google" agus tá sí ag lorg vótaí chun dul isteach don bhabhta deireanach. 
Claire Dillon is ainm di agus chruthaigh sí an pictiúr álainn seo. 
Más faigheann sí go leor vótaí chun dul ar aghaidh don bhabhta deireanach, beidh an- seans ann go mbeidh an bua aici. 
Cliceáíl anseo chun vótáil leithi. 

Agus an rud is fearr ná go bhfuil duais iontach le fáil. 
Más buaíonn sí an comórtas, gheobhaidh sí ríomhaire glúine (laptop) agus gheobhaidh an scoil 10,000 euro!!
Tá gach duine ar scoil an- bhródúil agus nach mbeadh éacht níos fearr más bhuaigh Claire ríomhaire glúine agus 10,000 i gcomhair an scoil. 

Le bhur dtoil cliceáil ar an nasc mar is cinnte go mbeadh an- bhuíoch ag Claire agus ag na muinteoirí agus daltaí eile ar scoil. 

Tá leathanach "Facebook" aici. 
Cliceáil anseo chun é a fheiceáil. 

Slán, x. 

Sunday, January 22, 2012

Seomra Leapa

Dia dhaoibh Sionnainn anseo, 
Inniu, chaith mé beagnach an lá ar fad ag glanadh mo sheomra codlata. . . 
Bhí sé an- mhíshlachtmhar. 
Is beag nach rabhas ag caoineadh nuair a bhí sé á ghlanadh agam ach d' aimsigh mé a lán rudaí a cheap mé go raibh caillte nó imithe. 
Fós, nílim críocnaithe ach tá an chuid is mó déanta ach táim ag súil go mbeidh sé fiorfa. 
Ceapaim go mbíonn mé a lán níos ciúnaithe le seomra glan agus is breá liom ag caitheamh am ins an seomra sin nuair atá sé slachtmhar. Bíonn sé níos éasca staidéar, obair bhaile agus rudaí eile mar sin a dhéanamh agus sílim cé go bhfuil na réamh scrúdaithe ag teacht suas, bhí sé an t-am ceart chun mo sheomra leapa a heagrú. 
Is maith liom ag bheith eagraithe ach uaireanta, bíonn sé deacair gach rud a choimeád néata. 
Bhíothas ag sórtáil amach mo leabhair agus chuir mé na cinn is mó ag an tús agus na cinn is lú ag an deireadh ach tá sé ar eolas agam go mbeidh an scéim seo imithe i ndiaidh cúpla lá ach an uair seo, táim meáite ar iad a choimead slachtmhar. 

Agus ar ndóigh, le seomra néata, ciallaíonn sé sin go mbeidh tú in ann cuireadh a thabhairt do do chairde teacht chughat chun fanacht thar oíche nó chun fáil réidh i gcomhair dioscó nó rud éigin mar sin. 

An bhfuil tusa go maith ag coimeád do sheomra slachtmhar?

Slán, x.


Sunday, January 15, 2012

Céimeanna Chun Fáil Réidh i gComhair Dioscó.

Dia dhaoibh Sionnainn anseo,

Bhí mise agus mo chairde ag an dioscó oíche dé hAoine. . .
Bhíomar ag súil chun dul mar bhí sé ar eolas againn go mbeadh sé an dioscó deireanach riomh na réamh scrúdaithe.

Bhí mo mhála pacáilte oíche Dé Deardaoin agus thug mé isteach go dtí scoil maidin dé hAoine mar i ndiaidh scoil, chuaigh mise agus mo chairde go dtí teach cailín amháin.
Bhí an mála an-trom ar fad. . . bhí an slogaide cistine istigh ann. . .
Is iad seo na rudaí a bhí agam chun fáil réidh i dteach mo chara:
  • Donnú Bréige (2)- Bhí ceann amháin oscailte agus bhí an ceann eile dúnta ach ag an deireadh ní raibh mé chun an ceann dúnta a oscailt.
  • Miotóg (Mit) chun an donnú bréige a chur ar mo choirp.
  • Sprae gruaige.
  • Dibholaíoch (deodorant).
  • Cumhrán.
  • Mála ollmhór lán le smideadh.
  • Seodora éagsúla.
  • Mo ghúna.
  • Mo bhróga.
  • Mo trilseacháin gruaige ach ag an deireadh. . . d'fhág mé mo ghruaig i stíl shimplí dhíreach.
  • Ingeanna bréagach.
  • Scuab gruaige.
  • Scuab Fiacla.
  • Fo- éadaí.
  • Ceamara. . .
  • Bríste gearr.
  • Fáiscín gruaige.
  • Cíor gruaige.
  • Díritheoir gruaige GHD.
  • Pionsúirín (tweezers).
Ní raibh aon spás fágtha sa mhála!

Is é an páirt is fearr liom ag dul go dtí dioscó ná ag fáil réidh. . . agus mar sin, is iad seo na rudaí a rinne mise agus mo chairde riomh ag dul amach go dtí an dioscó.

Ar dtús, bhíomar inár mbríste gearr (pitseamaí) chun donnú bréige a chur orainn.
Bhí "Sally Hansen" á úsáid ag gach duine a bhí ag fáil réidh liomsa.

Ansin, nuair a bhí an donnú bréige tirim, thosaíomar ag déanamh ár ngruaig.
Thógamar amach an díritheoir gruaige, trilseacháin gruaige, sprae gruaige, scuab gruaige, fáiscín gruaige agus an cíor gruaige.
Bhí gruaig casta ag beirt dos na cailíní a bhíos ag fáil réidh in aonacht leis.
Bhí gruaig cíortha ar ais (backcombed) agus díreach ag na triúr eile.

Is é seo gruaig amháin dos na cailíní.
Bhí gruaig casta aici agus bhí sé déanta mar sin le mo thrilseacháin "Mary- Kate" agus "Ashley".
Bhí fáisceán gruaige ins an gruaig ag coimeád ar ais píosa beag ag barr a ceann agus bhí a lán sprae gruaige sa ghruaig freisin.

Ansin, is é seo mar a chaith amháin dos na cailíní eile a cuid gruaige.
D'fhág sí é síos i stíl shimplí dhíreach agus mar an chéad cailín, bhí fáiscín gruaige ina gruaige chomh maith. Bhí cíor agus díritheoir gruaige á úsáid aici chun a gruaig a dhéanamh mar sin.

I ndiaidh sé sin, rinneamar ár smididh.
Bhí gach sórt smideadh á úsáid againn ó bonnsmideadh go línitheoir súile.
Thóg sé sin beagáinín tamaill mar bhí gach duine ag lorg an scáthán ach buíochas le dia, bhí "sliderobes" i seomra ár gcara agus bhí an balla ar fad tógtha suas le scátháin.

Ansin, chuireamar ár ngúnaithe orainn. . . bhí lán mo chairde agus mise ag caitheamh gúnaithe. . .
Cheannaigh beirt dos na cailíní a ngúnaithe sa siopa "Noname", bhí ceann eile as "boohoo.com", ceann eile as "Asos" agus an ceann deireanach as "New Look".
Bhí dath dubh ag ceithre dos na gúnaithe agus dath corcra ag an ceann eile.

agus rinneamar cúpla rud eile. . .
Chuireamar ár seodora agus bróga orainn.
Bhí réimse leathan seodora le feiceáil. . .
Chuir mé ceisteanna ar na cailíní agus is iad seo na siopaí a fuair siad a seodora.
Fuair an cailín seo lán a mbráisléid sa siopa "Penneys" seachas leis an ceann óir agus bán dearg . . cheannaigh sí an ceann sin i "River Island".
Cheannaigh an cailín seo a "Glow- Bands" sa siopa "Wonderworld" sa Chorrán.
Ba é seo mo lámha agus cheannaigh mé an tríú ceann isteach sa siopa "River Island" fuair mé an ceann in aice leis an gceann uachtar sa siopa "New Look" agus cheannaigh mé na cinn eile sa siopa "Penneys".
Cheannaigh an cailín seo a mbráisléid sna siopaí "New Look" agus "Penneys"

Agus ba é an rud deireanach a rinneamar ná chuireamar ár ingeanna bréagach orainn, scuabamar ár bhfiacla.
Chuireamar na ingeanna bréagach orainn ag an deireadh mar bhíonn sé níos éasca rudaí a dhéanamh gan iad.
Bhí inge bréagach ag triúr dos na cailíní agus sroicheamar an teach le ingeanna bréagach as "Penneys". . . Bhí siad go han- mhaith agus d'fhan siad ar ár ingeanna an oíche ar fad.
Ansin, chuireamar píosa don sprae gruaige orainn arís agus d'imíomar amach an doras.

An maith leat ag fáil réidh i gcomhair dioscó?

Slán, x.

Paisean Le hAghaidh Faisean Faoi Dhéantúis


Dia dhaoibh Sionnainn anseo,

I gcomhair cúpla lá, beidh Paisean Le hAghaidh Faisean faoi dhéantúis (construction). . .
Beidh mé ag athrú rudaí timpeall beidh an blag ag féachaint difriúil ná conas a bhí sé ar dtús. . .
Ní bheidh an scéim dathanna corcra agus gorm ann. . . athróidh mé é. . .
Mar sin, beidh meirge (banner) nua ar bharr an bhlag chomh maith.

Slán, x.

Sunday, January 8, 2012

Beimid Ar Áis Ar Scoil Amárach!

Dia dhaoibh Sionnainn anseo,

Is é inniu an Domhnach agus cíallaíonn sé sin go mbeimid ar áis ar scoil tar éis dhá seachtain sa bhaile.
Maidin amárach beidh an vearnais inge agus smideadh imithe agus beidh gach duine ar áis don gnáthamh laethúil normálta. . .

I gcomhair gach duine atá sa triú bhliain, beidh na réamh-scrúdaithe (pres/mocks) ag tosú go luath. . .
Beimid chun a lán staidéar agus obair bhaile a dhéanamh ach ceapaim fós go mbeimid in ann dul ag siopadóireacht uaireanta buíochas le Dia!
Agus beidh na daoine atá á dhéanamh eacnamaíocht bhaile chun ullmhú don scrúdú cócaireachta. Beidh siad chun a gceardaíochta a chríochnú agus cinnte i gcomhair na daoine eile atá á dhéanamh ábhair éagsúla mar ealaín agus ceoil beidh a lán obair acu freisin. . .
Is é seo grianghraf do mo cheardaíocht a thóg mé cúpla seachtain ó shin. . .
Is ruga é agus anois, táim beagnach críochnaithe. Ach beidh fiú mar is cinnte go mbeidh seomra níos faiseantí agam leis seo ar an mballa.

An bhfuil tú ag tnúth leis ag fill ar scoil?

Slán, x.

Friday, January 6, 2012

P.D.F don Alt

Dia dhaoibh Sionnainn anseo,

Inniu fuair mé "P.D.F" don alt a bhí sa "Limerick Leader.
Cliceáil anseo chun é a fheiceáil.

Slán, x.

Thursday, January 5, 2012

Gabháil Siopadóireachta

Dia dhaoibh Sionnainn anseo,

Inniu bhí mé sa sráidbhaile le mo chara Alannah agus chuamar ar ghabháil siopadóireachta (shopping haul) beag.
Beidh mé ag taispeáint dóibh cúpla dos na rudaí a cheannaigh mé sa sráidbhaile.
Bhí a lán margaí ar fháil ann.
Bhí dearbhán (voucher) agam i gcomhair "Penneys"
agus mar sin cheannaigh mé cúpla rud ann.

Cheannaigh mé an cairdeagan seo i "Penneys" i gcomhair 8 euro.
Ar dtús bhí sé 14 euro ach inniu bhí sé síos go dtí 8 euro.
Is cairdeagan dúghorm é agus is breá liom na paistí donn ar na uillinneacha.
Ceapaim go mbeadh sé go deas le jíons nó bríste gearr agus riteoga.
Ansin, fuair mé na stocaí seo ann fosta.
Tá dath uachtar ar na stocaí ach ag an barr, tá beagáinín dúghorm agus fíon freisin.
Tá stocaí mar na stocaí seo go deas chun caitheamh le buataisí UGG nó buataisí eile agus fágann tú beagáinín den stocaí suas níos arda ná na buataisí.
Bhí na stocaí seo 2.50 euro agus bhí a lán dathanna agus stíleanna eile ann chomh maith.
Ansin, cheannaigh mé an baibín seo ann chomh maith.
Bhí ceann eile agam ach fuair sé briste.
Ní raibh an lúbán seo ach 1.50 euro agus tá tú in ann na lúbáin seo a úsáid chun borróg a dhéanamh i do ghruaig. Tá céimeanna faoin leathanach "gruaig" ag insint duit conas borróg a dhéanamh leis an lúbán seo.
Ansin, cheannaigh mé na cluaiseanna seo i gcomhair 1.50euro.
Tháinig dhá péire sa phaicéad seo. . . péire péitseog agus péire scarlóideach.
Chomh maith le sin, cheannaigh mé na riteoga seo ann i gcomhair 4 euro.
Tá dath béasa ar na riteoga agus ceapaim go bhfuil an patrún go deas.
Ansin, bhí na fáisceáin gruaige (hair slides) seo ar dhíol ann.
Bhí siad 2euro síos go dtí euro amháin. . .
Tá dath óir ar na fáisceáin seo le diamaint beaga.
Agus chomh maith le na fáisceáin sin, cheannaigh mé na cinn seo freisin.
Caithim na fáisceáin seo beagnach gach lá. . . chun píosaí gruaige atá gearr a choimeád suas.
I ndiaidh sé sin, cheannaigh mé na pillíní cosmaidí (cosmetic pads) seo i gcomhair euro amháin.
Tá na pillíní seo cabharach chun smideadh a glanadh as d'aghaidh nó vearnais inge a thógáil as d'inge. . . Úsáidim iad an t-am ar fad.
Agus is é an scaif liath seo an rud deireanach a cheannaigh mé i "Penneys". . .
Ar dtús, bhí sé 11 euro ach nuair a shroich mé ag an gcúntar ní raibh sé ach ceithre euro. . .
agus mar sin, ceapaim gur margadh an- mhaith é sin.
Ansin, cheannaigh mé an uachtar lámha seo i gcomhair 65cent i "Superdrug". . .
Ceapaim gur d'fhéach an bosca an-ghleoite. . . agus i gcomhair 65cent. . . ba fiú é.
Ansin, chuamar go dtí an siopa "Claires" agus cheannaigh mé na "wraps" seo i gcomhair ingeanna. Bhím ag súil chun "wraps" mar seo a iarraidh. . .
bhí iad seo 6.95euro ach síos go dtí 2.50. Bhí déil ar siúl idir na rudaí le greamáin dearga 3 i gcomhair 2. . . ciallaíonn sé sin más cheannaigh mé 3 rud ní íocfainn ach i gcomhair dhá. . .
Mar sin, cheannaigh mé dhá banda gruaige freisin agus níor íoc mé ach 5.50 euro i gcomhair na trí rud.
Ceann amháin le péarlaí agus ceann eile le diamaint.
An bhfuair tú aon margaí sa sráidbhaile nó sa chorrán le déanaí?

Slán, x.

Alt Eile Sa "Limerick Post"

Dia dhaoibh Sionnainn anseo,

Inniu, bhí alt eile i nuachtán eile. . . an "Limerick Post". . . is nuachtán saor é seo agus tá tú in ann an "Limerick Post" a phíocadh suas i mbeagnach gach siopa. Tá an alt faoin "Junior Spiders" ar leathanach ochtó dó.
An bhfaca tú an alt?

Slán, x.

Wednesday, January 4, 2012

Alt sa "Limerick Leader"

Dia dhaoibh Sionnainn anseo,

Sa nuachtán "Limerick Leader" i gcomhair inniu, bhí alt ar leathanach a hocht faoin gcomórtas "Junior Spiders Awards" le pictiúr do Sorcha, Iníon Uí Iarlaithe, Mise agus ball as Foras Na Gaeilge.
Ní iad seo ach grianghrafanna a thóg mé don alt ach táim ag lorg "PDF" agus nuair a fhaighim é, cuirfidh mé nasc don alt suas ar an mblag.

An bhfaca tú an alt sa nuachtán?

Slán, x.

Monday, January 2, 2012

Conas Inge Álainn A Bheith Agat

Dia dhaoibh Sionnainn anseo,

Inniu, ba mhaith liom caint faoi na slite éagsúla chun inge álainn a bheith agat.

Is fuath liom m'inge féin agus mar sin, is é amháin dos na gléiní i gcomhair dhá mhíle is a dó dhéag atá agam ná chun iarracht níos fearr a dhéanamh chun aire a thabhairt do m'inge. . .


Táim ag súil chun stop a chur le ithe na n-inge agus níos mó a dhéanamh chun inge láidre a bheith agam.

Rinne mé beagáinín taighde sa bhaile, sna siopaí agus ar ndóigh ar an idirlíon agus is é seo cad a d'aimsigh mé. .

Más itheann tú d'inge mar mise, caithfidh a bheith tú foighneach nuair atá siad ag fásadh. . .is drochnós é agus nílim sásta chun inge gearr a bheith agam go deo.

Uaireanta, bíonn mé ag greamaíonn (biting) m'inge agus ní bhíonn mé ag smaoineamh faoi. . .


Mar sin, tá sé go maith chun vearnais trédhearach mar "Stop 'n' Grow" a úsáid. Tá an vearnais seo agam ach nuair a cheannaigh mé é, ní raibh a lán cumhachta tola (will power) agam agus níor chuir mé é ar m'inge go minic. . .

Ach leis an vearnais seo, mar is vearnais trédhearach é, tá tú in ann é a chaitheamh i rith scoil agus más cuireann tú é ar d'inge gach lá, beidh blas uafásach as nuair a chuireann tú d'inge i do bhéal.

Ansin, bí cinnte chun inge glan a bheith agat. Nigh do inge go minic in uisce alathe (warm) ag úsáid scuab inge chun aon salachar a aistriú.


Ansin, nuair a úsáideann tú líomhán iongan (nail file). . . b'fhearr leat ceann nach bhfuil ró gharbh a úsáid. . . Níl líomháin iongain ró dhaor. . . Bhí mé sa siopa "Dunnes Stores" inné agus chonaic mé na cinn seo i gcomhair 1.25 euro. . . thóg mé pictiúr le mo fón póca!


Ach tá tú in ann cinn líomháin iongain mar na cinn seo a cheannach ins a lán siopaí eile fosta.

Chomh maith le sin, má tá tú ag lorg inge níos faoide agus láidre, b'fhearr leat cruaiteoir inge (nail hardener) a chur ar d'inge.


Tá an ceann seo "Sally Hansen Hard As Nails With Nylon" ag mo dheirfiúr agus chuir mé é ar m'inge cúpla uair. Más briseann d'inge go héasca, cabhróidh vearnais inge mar seo chun iad a fásadh.

An úsáideann tú aon rud eile chun inge álainn a bheith agat?

Slán, x.

Cuardigh PLHF

Blag Gaeilge Iníon Uí Iarlaithe

Followers

Ríomhphost

paiseanlehaghaidhfaisean@gmail.com