Thursday, January 5, 2012

Gabháil Siopadóireachta

Dia dhaoibh Sionnainn anseo,

Inniu bhí mé sa sráidbhaile le mo chara Alannah agus chuamar ar ghabháil siopadóireachta (shopping haul) beag.
Beidh mé ag taispeáint dóibh cúpla dos na rudaí a cheannaigh mé sa sráidbhaile.
Bhí a lán margaí ar fháil ann.
Bhí dearbhán (voucher) agam i gcomhair "Penneys"
agus mar sin cheannaigh mé cúpla rud ann.

Cheannaigh mé an cairdeagan seo i "Penneys" i gcomhair 8 euro.
Ar dtús bhí sé 14 euro ach inniu bhí sé síos go dtí 8 euro.
Is cairdeagan dúghorm é agus is breá liom na paistí donn ar na uillinneacha.
Ceapaim go mbeadh sé go deas le jíons nó bríste gearr agus riteoga.
Ansin, fuair mé na stocaí seo ann fosta.
Tá dath uachtar ar na stocaí ach ag an barr, tá beagáinín dúghorm agus fíon freisin.
Tá stocaí mar na stocaí seo go deas chun caitheamh le buataisí UGG nó buataisí eile agus fágann tú beagáinín den stocaí suas níos arda ná na buataisí.
Bhí na stocaí seo 2.50 euro agus bhí a lán dathanna agus stíleanna eile ann chomh maith.
Ansin, cheannaigh mé an baibín seo ann chomh maith.
Bhí ceann eile agam ach fuair sé briste.
Ní raibh an lúbán seo ach 1.50 euro agus tá tú in ann na lúbáin seo a úsáid chun borróg a dhéanamh i do ghruaig. Tá céimeanna faoin leathanach "gruaig" ag insint duit conas borróg a dhéanamh leis an lúbán seo.
Ansin, cheannaigh mé na cluaiseanna seo i gcomhair 1.50euro.
Tháinig dhá péire sa phaicéad seo. . . péire péitseog agus péire scarlóideach.
Chomh maith le sin, cheannaigh mé na riteoga seo ann i gcomhair 4 euro.
Tá dath béasa ar na riteoga agus ceapaim go bhfuil an patrún go deas.
Ansin, bhí na fáisceáin gruaige (hair slides) seo ar dhíol ann.
Bhí siad 2euro síos go dtí euro amháin. . .
Tá dath óir ar na fáisceáin seo le diamaint beaga.
Agus chomh maith le na fáisceáin sin, cheannaigh mé na cinn seo freisin.
Caithim na fáisceáin seo beagnach gach lá. . . chun píosaí gruaige atá gearr a choimeád suas.
I ndiaidh sé sin, cheannaigh mé na pillíní cosmaidí (cosmetic pads) seo i gcomhair euro amháin.
Tá na pillíní seo cabharach chun smideadh a glanadh as d'aghaidh nó vearnais inge a thógáil as d'inge. . . Úsáidim iad an t-am ar fad.
Agus is é an scaif liath seo an rud deireanach a cheannaigh mé i "Penneys". . .
Ar dtús, bhí sé 11 euro ach nuair a shroich mé ag an gcúntar ní raibh sé ach ceithre euro. . .
agus mar sin, ceapaim gur margadh an- mhaith é sin.
Ansin, cheannaigh mé an uachtar lámha seo i gcomhair 65cent i "Superdrug". . .
Ceapaim gur d'fhéach an bosca an-ghleoite. . . agus i gcomhair 65cent. . . ba fiú é.
Ansin, chuamar go dtí an siopa "Claires" agus cheannaigh mé na "wraps" seo i gcomhair ingeanna. Bhím ag súil chun "wraps" mar seo a iarraidh. . .
bhí iad seo 6.95euro ach síos go dtí 2.50. Bhí déil ar siúl idir na rudaí le greamáin dearga 3 i gcomhair 2. . . ciallaíonn sé sin más cheannaigh mé 3 rud ní íocfainn ach i gcomhair dhá. . .
Mar sin, cheannaigh mé dhá banda gruaige freisin agus níor íoc mé ach 5.50 euro i gcomhair na trí rud.
Ceann amháin le péarlaí agus ceann eile le diamaint.
An bhfuair tú aon margaí sa sráidbhaile nó sa chorrán le déanaí?

Slán, x.

No comments:

Post a Comment

Fág trácht le do thuairmí agus smaointí féin!

Cuardigh PLHF

Blag Gaeilge Iníon Uí Iarlaithe

Followers

Ríomhphost

paiseanlehaghaidhfaisean@gmail.com