Sunday, December 9, 2012

Dia daoibh Sionainn anseo, 

An bhfuil bhur ngeansaithe ceannaithe agaibh? 
Tá na geansaithe Nollaig ag rith amach as na siopaí - tá siad ar áis, níos fearr ná ríamh- pompoms, gealra agus tacailíní, réinfhianna, fir sneachta agus lucharacháin. 

Ní hé seo ach sampla dos na cinn atá ar fáil sna siopaí- Dunnes agus Penneys na cinn is saibhre is dóigh liom. 
Bhí fonn ar mo dheartháir (22!) go gcaithfeadh an teaghlach  ar fad geansaithe Nollaig ar lá Nollag. Ní raibh aon nóisean ag mo dheirfiúr geansaí Nollaig a chaitheamh agus mar sin, bhí an smaoineamh sin curtha amach an fhuinneog.
Tá na geansaithe seo ar dhíol i gcomhair praghsanna an- réasúnta ó €14 go dtí €22. 
Níor cheannaigh mé ceann nua i mbliana ach chonaic mé cúpla cinn a bhí an- ghleoite ar fad timpeall an sráidbhaile. 
Seo ceann atá agam ón mbliain seo caite. Bhí sé ceannaithe i NewLook agus tá sé iontach compórdach mar go bhfuil an cochall líneáilte le fionnadh (fur). 

An bhfuil aon gheansaithe Nollaig agat? 

I.S (P.S) N'fheadar cad atá cearr ach níl sé ag ligeadh dom teideal a chur ar an bpost- Bróm!

 ❄ Sionainn 

4 comments:

  1. Wow an leagan amach!

    ReplyDelete
  2. Iníon uí iarlaitheSunday, December 09, 2012

    Ní féidir liom an leagan amach nua a fheiceáil i gceart mar go bhfuilim an fóin. Tá mo gheansaí agam don spell factor' cheannaigh mé é i bpenneys. Is aoibheann liom an post

    ReplyDelete
    Replies
    1. Óó, an mbeidh beagáinín comórtais idir na múinteoirí? Go raibh maith agat- Is leagan amach úr é do thús úr freisin!

      Delete

Fág trácht le do thuairmí agus smaointí féin!

Cuardigh PLHF

Blag Gaeilge Iníon Uí Iarlaithe

Followers

Ríomhphost

paiseanlehaghaidhfaisean@gmail.com