Thursday, October 18, 2012

Vearnais Ingne "Barry M"

Dia dhaoibh Sionainn anseo, 

Bhíothas sa siopa "Superdrug" ag an deireadh seachtaine agus bhíothas ag féachaint ar lán na brandaí atá ar dhíol ann. Bhí fonn orm vearnais ingne nua a cheannach agus branda nár bhain mé triail as ríomh. Chonaic mé an sórt dath a bhí ag teastail uaim- dath corcra pastalach. 


Tá ainm an- mhaith ag an mbranda seo. Tá béal dath "Barry M" deas agam agus taitníonn sé go mór liom. Bhí an buidéal seo le 10ml 3.45euro. Ceapaim go bhfuil sé an dath vearnais ingne is fearr liom gur cheannaigh mé go dtí seo. Is breá liom go bhfuil dath geal é agus is aoibhinn liom lán na dathanna pastalach. Chaith mé é ar an Domhnach agus ar an Luan agus ní raibh aon fhadhbanna agam leis. 


Is cinnte go mbeidh buidéal nó dhó eile á cheannach agam ón mbranda seo mar go rabhas an- sásta leis an gceann seo. 

An bhfuil aon rud as "Barry M" agat? 



2 comments:

Fág trácht le do thuairmí agus smaointí féin!

Cuardigh PLHF

Blag Gaeilge Iníon Uí Iarlaithe

Followers

Ríomhphost

paiseanlehaghaidhfaisean@gmail.com