Friday, October 19, 2012

An Ceoldráma "Back To The 80s"


Dia dhaoibh Sionainn anseo, 

Mar is eol do chách i gCnoc na Labhras- Beidh ár gceoldráma "Back To The 80s" ar siúl ar an 8ú, 9ú, 10ú de Samhain.
Beidh na ticéid ar dhíol gach lá sa seomra R.E ag a haon a chlog. Don Deardaoin an 8ú lá, cosaíonn na ticéid 10euro agus cosaíonn na ticéid don Aoine agus don Satharn 12euro. 
I ndáiríre, is praghas iontach seo mar go bhfuil an fhoireann ar fad tar éis a lán oibre a dhéanamh agus nílimid críochnaithe leis an gcleachtadh fós. 
Tá sé ar eolas ag gach duine go mbeidh amhráin le cloisteáil ann ach ar ndóigh, beidh a lán stíl le feiceáil ann freisin ó smideadh go gruaig go gúnaí prom. Beidh a lán ullmhúchán le déanamh againn tar éis briseadh meán téarma freisin agus is cinnte go mbeidh post nó dhó eile ag teacht sa todhchaí faoin gceoldráma. Tá ticéid le buachaint ar an leathannach Facebook atá ag an gceoldráma freisin. Ní chaithfidh tú ach pictiúr a roinnt. Cliceáíl anseo chun "like" a thabhairt don leathannach agus an pictiúr a  roinnt. 

An bhfuil do thicéid ceannaithe agat? 


No comments:

Post a Comment

Fág trácht le do thuairmí agus smaointí féin!

Cuardigh PLHF

Blag Gaeilge Iníon Uí Iarlaithe

Followers

Ríomhphost

paiseanlehaghaidhfaisean@gmail.com