Dia dhaoibh Sionainn anseo,
I mo phost deireannach- an ceann roimh é seo, thaispeán mé daoibh conas bhur aibhsitheoir féin a chruthú. Ach tá áit airithe chun é chur ar d'aghaidh. Tá sé deacair cuimhniú cá b'fhearr leat aibhsitheoir, luisneach (blusher) agus donnaitheoir ach tá slí éasca chun é a chuimhniú. Má smaoiníonn tú faoi, tá cruth C timpeall do shúile- taispeánfaidh mé daoibh ag úsáid grianghraif a thóg mé.
Tá an chéad C i gcomhair aibhsitheoir. San áit ina bhfuil m'ordóg agus mo mhéar, sin an áit ina b'fhearr leat aibhsitheoir a chur ort. Faoi do chaipín súile agus os cionn do mhala (eyebrow)
Úsáidtear an dara C i gcomhair luisneach- cuireann tú luisneach ar do chnámh leicne (cheek bone).
Agus tá an tríú C i gcomhair donnaitheoir. Cuireann tú donnaitheoir ar imeall do cheann- ar barr d'éadan agus lán timpeall in aice le do smig.
Cad a cheapann tú faoin riail seo- Na trí Cs?
an chliste ar fad
ReplyDeleteGo raibh maith agat :)
Delete