Monday, October 8, 2012

Mo Ghnathamh Laethúil

Dia dhaoibh Sionainn anseo, 

Ar ndóigh, ní chaithim an méid smideadh céanna gach lá ach inniu, táim chun mo ghnathamh laethúil (daily routine) a thaispeáint daoibh- seo an sórt smideadh a chaithim ag an deireadh seachtaine. 
Tar éis m'aghaidh a nígh, cuirim an maothóir seo ar m'aghaidh. Seo maothóir as "Simple". Ní chosaíonn sé ach cúpla euro agus braitheann mo chraiceann deich uair níos fearr tar éis é a úsáid gach maidin. Deireann daoine nach bhfuil smideadh go maith duit ach tar éis maothóir a úsáid roimh é a chur orm braithim beagáinín níos fearr faoi smideadh a chaitheamh ag an aois seo! 
Ansin, leanaim ar aghaidh chun bonnsmideadh a chur orm. Ní úsáidim an scuab seo ach i gcomhair an bonnsmideadh seo. Is as "Bare Minerals" an bonnsmideadh agus an scuab agus táim i ngrá leo mar is eol daoibh. Cliceáil anseo chun níos mó a léamh faoi bhonnsmideadh "Bare Minerals". Ceannaím é ón gcúntar sa siopa Brown Thomas. Cuirim é ar lán m'aghaidh ag déanamh cinnte go bhfuil go leor faoi mo shúile agus in aice le mo líne gruaige. Is fearr liom an bonnsmideadh seo ná ceann leactach (liquid) mar nach mbíonn sé comh trom ar mo chraiceann. 
Tar éis sin, déanaim mo shúile. Tosaím le prímeálach súile a chur ar mo chaipíní súile. Is as "Urban Decay" é agus tháinig sé saor in aisce le scáthú súl éigin a cheannaigh mé cúpla mí ó shin. Is nós é a chur orm ach nuair atá an ceann seo imithe, beidh mé ceart go leor gan ceann eile a cheannach. Úsáidim é mar go bhfuil sé agam. Ach fós déanann sé maitheas dom mar go bhfanann mo scáthú súl ar mo shúile don lá ar fad. 
I ndiaidh sin, bíonn sé in am bogadh ar aghaidh go dtí mo scáthú súl "Naked 2" as "Urban Decay". Seo pailléad nua a fuair mé agus anois, is dóigh liom go mbeadh mé caillte gan é. Is aoibhinn liom é. Is féidir leat níos mó a léamh faoi anseo. I ginearálta, úsáidim trí nó ceithre dath gach uair a chuirim scáthú súl ar mo shúile. B'fhéidir go bhfuil tú ag smaoineamh go bhféachann a lán dos na dathanna mar a gcéanna ach tá siad lán difriúil agus is fearr liom dathanna nocht agus neodrach cósúil le seo a chaitheamh. 
Nuair atá mo scáthú súl orm, úsáidim línitheoir súile leactach ar bharr mo shúile. Is as "Superdrug" é seo. Ní dóigh liom go raibh sé níos mó ná ocht euro. Is é an t-ainm atá air ná "Collection Extreme 24 Hour Felt Tip Liner". Is aoibhinn liom nuair atá é seo á chaitheamh agam ach bíonn gá orm mo lámh a choimeád foisteanach (steady) nuair a bhíonn mé ag cur é ar mo shúile mar má théann sé mícheart, bíonn do shúile ar fad scriosta. 
I ndiaidh línitheoir súile leactach, leanaim ar aghaidh chun prímeálach mascara a chur orm. Seo mascara nua atá agam as "Estée Lauder". Ar thaobh amháin tá prímeálach agus ar an taobh eile, tá mascara dubh. Roimh an mascara a chur orm, úsáidim an prímeálach agus cabhraíonn é seo leis an mascara a choimeád ar m'fhabhraí. 
Úsáidim an taobh leis an mascara i ndiaidh sin agus déanaim dhá chóta don mhascara roimh é a dhúnadh. Is é an t-ainm atá ag an prímeálach ná "Lash Primer Plus" agus is é an t-ainm atá ag an mascara ná "Double Wear". Ba é seo mo chéad mascara as "Estée Lauder" agus taitníonn sé go mór liom. Caithim mascara dubh an t-am ar fad. Is maith is cuimhin liom ag bheith "cúl" ag an deireadh seachtaine sa bhunscoil agus mascara gorm a chaitheamh ar m'fhabhraí cósúil le gach duine eile gan aon smideadh eile. 
Nuair atá mo mhascara déanta cuirim línitheoir súile ar bhun mo shúile. Is as "Yves Saint Laurent" é ach tá sé beagnach imithe. Beidh mé croí- bhriste i gcúpla seachtain. Úsáidim an ceann seo ar bhun mo shúile agus úsáidim an ceann leactach ar bharr mo shúile. 
Is é an rud deireanach a chuirim orm ná donnaitheoir. Is as "Bare Minerals" é seo freisin. Cheannaigh mé é cúpla mí ó shin ach tá sé fós agam mar nach úsáidim ach beagáinín don phúdar gach uair a chuirim smideadh orm. Ní chuirim é seo ar lán m'aghaidh. Tá treo speisialta chun é a chur ort. Tosaíonn tú i lár d'éadan (forehead) agus téann tú síos go dtí do chnámh leicne agus ansin síos go dtí do smig. Déanann tú é sin ar an dá taobh. Agus tar éis sin bíonn críochnaithe agam. Ní chaithim béal- dath ach úsáidim snas béil ó am go ham. Mar nach úsáidim é gach uair a chaithim smideadh ag an deireadh seachtaine, ní pháirt do mo ghnathamh laethúil é. 

Mar sin is iad na rudaí a úsáidim ná: 

  1. Maothóir
  2. Bonn Smideadh
  3. Prímeálach súile
  4. Scáthú Súl
  5. Línitheoir Súile Leactach
  6. Prímeálach mascara
  7. Mascara
  8. Línitheoir Súile
  9. Donnaitheoir
Inis dom faoi do ghnathamh laethúil agus na rudaí go mbeadh tú caillte gan iad i do mhála smideadh. 













2 comments:

  1. An gcaitheann tu a lan ama ag deanamh e?

    ReplyDelete
  2. Bhuel, caithim timpeall ar deich nó cúig déag nóiméad ag déanamh mo smideadh nuair a úsáidim lán na rudaí seo. Is maith liom ag cur mo scáthú súl orm go moll agus go cúramach. :)

    ReplyDelete

Fág trácht le do thuairmí agus smaointí féin!

Cuardigh PLHF

Blag Gaeilge Iníon Uí Iarlaithe

Followers

Ríomhphost

paiseanlehaghaidhfaisean@gmail.com