Thursday, October 11, 2012

"Miss Selfridge"

Dia dhaoibh Sionainn anseo, 

Nuair a bhí críochnaithe againn i gCeapach na gCapall, chuamar go dtí ionad siopadóireachta sa Ghaillimh. 
Ní raibh mórán ama againn tar éis bia a fháil ach fuaireamar an seans chun cuairt a thabhairt ar an siopa "Miss Selfridge". Is dóigh liom go raibh ceann i Luimneach cúpla bliana ó shin ach tá sé imithe anois. Bhí éadaí, bróga agus gabhálais álainn ann. Níor chaith mé ach ceithre euro caoga ann. Mar go raibh tuirse orainn, ní raibh fonn ar éinne triail a bhaint as péire jíons nó geansaí fiú amháin go raibh gach rud ann go hálainn. Cheannaigh mé trí rud- gach ceann 1.50euro

Is muince óir é seo le cleite (feather) donn agus blaosc (skull) bheag. Ní rabhas cinnte faoin mblaosc ag an tús ach chaith mé é dhá uair go dtí seo agus ceapaim go bhfuil muince deas é go háirithe nach raibh sé ach euro amháin is caoga. 
Ansin, fuair mé na cluaiseanna seo. Thaithin an síniú síochána agus an diamant liom. 

Is banda gruaige é an rud seo. Ní cheapaim go gcaithfidh mé é ach bhí gá orm é a cheannach mar i gCeapach na gCapall, dúirt lán na ceanairí dom gurbh áthas an domhain orm don turas ar fad agus gach am gur chonaic mé ceanaire, d'fhiafraigh siad conas go raibh miongáire mór orm an t-am ar fad. Mar sin, bhraith mé go raibh an banda gruaige oiriúnach chun an turas a chuimhniú. 

Cliceáíl anseo chun suíomh "Miss Selfridge" a fheiceáíl. 

An raibh tú i siopa "Miss Selfridge" ríomh? 






No comments:

Post a Comment

Fág trácht le do thuairmí agus smaointí féin!

Cuardigh PLHF

Blag Gaeilge Iníon Uí Iarlaithe

Followers

Ríomhphost

paiseanlehaghaidhfaisean@gmail.com