Sunday, September 30, 2012

Tá an Geimhreadh ar ais

Dia dhaoibh Sionainn anseo, 

Tá sé soiléar an lae inniu go bhfuil an geimhreadh ar ais. 
Táim úsáideach le t-léinte agus cairdeagain a chaitheamh ach ceapaim go bhfuil sé in am na cótaí a thabhairt amach. 
Is breá liom éadaí an gheimhridh, scaifeanna, geansaithe agus éadaí déanta as olann. 
Is aoibhinn liom cairdeagain agus geansaithe atá déanta as olann. Seo amháin dos na píosaí is fearr liom. Is as "River Island" é. Cheannaigh mé é sa díolachán a bhí ag "River Island" an samhradh seo caite. B'fhéidir go mbeidh an seans agam é a chaitheamh níos mó an geimhreadh seo. Níl sé ró fhada- idir an choim (waist) agus an ghlúin. Mar sin, is féidir é a chaitheamh le bríste nó riteoga. 
Tá priontaí cósúil le seo ar ais arís i mbliana. Tá sé feicthe ar phitseamaí, geansaithe agus t- léinte. Seo sórt gúna a cheannaigh mé sa siopa "New Look". Tá sé an- chompordach agus tá an dúda iontach bog. 
Fiú amháin go bhfuil gúna é, tá sé an- ócáídeach (casual). 
Fós, níor cheannaigh mé aon rud nua don gheimhreadh. Caithfidh mé péire buataisí éigin a fháil agus b'fhéidir cóta freisin. Ach ba mhaith liom fáil amach, 

Cad é an rud is fearr leat faoin ngceimhreadh? 






No comments:

Post a Comment

Fág trácht le do thuairmí agus smaointí féin!

Cuardigh PLHF

Blag Gaeilge Iníon Uí Iarlaithe

Followers

Ríomhphost

paiseanlehaghaidhfaisean@gmail.com