Saturday, September 29, 2012

Línitheoir Mala "MAC"

Dia dhaoibh Sionainn anseo, 

Bhuail mé le m'aintín inniu don chéad uair tar éis torthaí an Teastais Shóisearaign agus thug sí brontannas dom. 
Nuair a chonaic mé an mála "Brown Thomas" bhí sé ar eolas agam gurbh píosa smidiú é. 
Chonaic mé bosca MAC agus cheapas gurbh línitheoir súile é. Ach bhí dath donn ar an mbosca agus cheap mé go raibh sé sin ait. Léigh mé an bosca agus thosaigh mé ag gáire. Is línitheoir mala (eyebrow liner) é. Lá amháin sa dara bhliain, bhí mise agus mo chara le cheile agus bheartaíomar ár malaí a dhéanamh ach thosaíomar ag gáire i rith é agus tháinig siad amach go holc. Is sciamheolaí í m'aintín agus mar sin, chuaigh mé  go dtí a teach agus rinne sí iarracht iad a cheartú. Bhíomar i gcónaí ag magadh faoi mo mhalaí an lá sin mar go raibh siad beagáinín ísle i gcomhair cúpla seachtain. Mar sin, tá sí tar éis peann luaidhe a cheannach dom chun iad a líonadh isteach nuair atá fonn orm. 
Ach bhí sí ag insint dom, fiú amháin go bhfuil sé an dath céanna ná mo mhalaí, ní bhíonn fonn ort é a chur ort ró- chrua mar go bhfuil sé cósúil le criáin. Is é conas é a chur ort ná chun stailceanna (strikes) bheaga a dhéanamh leis an gcriáin ar do mhalaí. 
Is aoibhinn liom ag fáil píosaí smidiú nua agus mo mhála a líonadh suas le píosaí atá an- mhaith. 

An bhfuil aon smideadh agat ón gcúntar MAC? Inis dom faoi... 





No comments:

Post a Comment

Fág trácht le do thuairmí agus smaointí féin!

Cuardigh PLHF

Blag Gaeilge Iníon Uí Iarlaithe

Followers

Ríomhphost

paiseanlehaghaidhfaisean@gmail.com