Dia dhaoibh Sionainn anseo,
Cúpla oíche ó shin, cheap mé go raibh sé in am dialann a chruthú i gcomhair Paisean le hAghaidh Faisin mar go mbeadh sé níos éasca gach rud a choimeád eagraithe.
Fuair mé cóipleabhar nótaí crua agus bhris mé suas é. Tá sé roinn ann- cleandar, smaointí, foclóir, stats, teagmhálaí agus an plean. Ciallaíonn sé sin go mbeidh mé in ann lán na smaointí atá agam a scríobh, lán na poist a dhéanamh a scríobh síos sa chleandar agus blag faiseanta a choimeád mar go mbeidh mé eagraithe.
Tá a lán smaointí agam agus tá súil agam go mbeidh Paisean le hAghaidh Faisin ag éirí níos fearr gach seachtain.
Bíonn sé níos éasca gach rud a choimeád i gcóipleabhar amháin agus ansin, is féidir liom aon rud a aimsiú faoin mblag ann.
An bhfuil cóipleabhair faiseanta, eagraithe agat?
Ba mhaith liom bheith eagraithe cosuil le sin
ReplyDeleteBhuel, is mothú maith é ach tógann sé a lán ama!..Ach sa deireadh gach uair, ceapaim go mbíonn fiú é!
ReplyDelete