Sunday, September 2, 2012

Faisean ag dul ar Taithí Oibre

Dia dhaoibh Sionainn anseo, 

N'fheadar faoi sibhse ach beidh mise ag déanamh taithí oibre gach Luan don bhliain ar fad agus táim ag tnúth go mór leis. 
Níor smaoinigh mé faoi cad a chaithfinn go dtí oíche inné mar go mbeidh mé ag dul go dtí bunscoil. 
Caitheann muinteoirí éadaí normálta ag dul ar scoil... Ní bhíonn gá orthu na héide céanna a chaitheamh gach lá. 
Ach fós, is cuma cá mbeidh tú ag dul, beidh fonn ort bheith ag féachaint proifisiúnach chun dea- imprisin a dhéanamh. 
Má tá tú ag dul go dtí oifig, scoil, siopa nó áit éigin eile mar sin, ní smaoineamh maith é bríste reatha nó bróga reatha a chaitheamh. 
Ceapaim go bhfanfaidh mé le "pumps" agus jíons nó péire bríste eile. 
Taitníonn an péire seo go mór dom. Is as "Schuh" iad agus tá prionta bláthach agus bróiste caimeonna (cameo brooch) ar na bróga seo. Ní raibh siad níos mó ná triocha euro ach ba fiú iad mar go bhfuil siad agam le bliain anuas agam anois. Ní chaithim iad go minic ach bíonn siad i mo vardrús nuair a bhíonn mé ag dul áit éigin mar seo. 


Bíonn seaicéid cósúil le seo oiriúnach do taithí oibre mar go bhféachann siad níos proifisiúntaí ná geansaí. 
Féachann bléasair agus cairdeagain go deas ag obair mar nach mbíonn fonn ort bheith ró the nó ró fhuar. 
Bíonn cairdeagain cósúil le seo an- chompórdach freisin ach fós, tá siad oiriúnach. Amárach, caithfidh mé an cairdeagan seo, barr dúghorm atá déanta as lása, jíons agus na bróga bláthach as "Schuh".

Cá bhfuil tú ag dul ar taithí oibre? 
Ar dhein tú taithí oibre nuair a bhí tú níos óige?



No comments:

Post a Comment

Fág trácht le do thuairmí agus smaointí féin!

Cuardigh PLHF

Blag Gaeilge Iníon Uí Iarlaithe

Followers

Ríomhphost

paiseanlehaghaidhfaisean@gmail.com