Saturday, September 15, 2012

Pailléad Nua "Urban Decay"

Dia dhaoibh Sionainn anseo, 

Mar go bhfuair mé mo thorthaí ar an gCeadaoin, cheannaigh mo dheirfiúr pailléad álainn "Urban Decay" dom mar bhrontannas. 
Cheannaigh sí an pailléad "Naked 2". Fiú amháin gur úsáid mé an chéad ceann "Naked" an t-am ar fad agus gur scríobh mé cúpla post faoi, níor liomsa é. Ba é pailléad mo dheirfiúr ach d'úsáid an beirt againn é. Ach anois, tá an ceann eile agam, ceann a tháinig amach tar éis an chéad ceann "Naked". Is ceann nua agus feabhsaithe é. 
Tá an ceann seo déanta as miotal seachas leis an gceann eile a bhí déanta as veilbhit. 
Leis an gceann seo, faigheann tú snas béil sa bhosca in éineacht leis. Is rud an- mhaith é seo d'Urban Decay  mar nach bhfuil ach snas béil beag é. Má thaitníonn sé leat, b'fhéidir go gceannóidh tú ceann lán ón mbranda tar éis sin. Bheadh an snas béil fiorfe chun dul i do mhála láimhe mar go bhfuil sé comh beag. 
Cósúil leis an gcéad ceann, tagann 12 dath sa phailléad. 
Fiú amháin go bhfuil na dathanna seo nocht agus neodrach, níl na dathanna sna dá phailléad mar a gcéanna. 
Is iad na dathanna ó chlé go deis ná "foxy", "half baked", "bootycall", "chopper", "tease", "snakebite", "suspect", "pistol", "verve", "ydk", "busted" agus "blackout". 

Is iad na dathanna atá sa chéad ceann "Naked" ná "virgin", "sin", "naked", "sidecar", "buck", "half baked", "smog", "darkhorse", "toasted", "hustle", "creep", "gunmetal". 

Tá cósúlacht amháin idir an dá ceann. Is é an dath "half baked" an dath aonaire atá sna dá ceann, "Naked" agus "Naked 2". 

Seo lán na dathanna ón gceann nua ar mo lámh. Níl dath amháin is fearr liom fós mar nár chaith mé é ach dhá nó trí uair mar go bhfuil sé úr nua. Bainfidh mé triail as lán na dathanna agus iad a chur lena gcéile. Is maith liom ag úsáid trí cinn ar mo shúile ag aon am. Aimseoidh mé na cinn a théann go maith lena gcéile agus na cinn a oireann liom tar éis seachtain nó dhó. 

Is é rud amháin eile atá an- mhaith faoin gceann nua "Naked 2" ná go dtagann scuab níos fearr leis. Tá dhá scuab, bhuel, dhá thaobh ar an gceann a fhaigheann tú leis an bpailléad "Naked 2". Leis an gceann eile, níl ach scuab amháin ann. 

Bhí áthas an domhain orm nuair a thug sí é dom. Is fearr liom ag caitheamh dathanna neocht ná dathanna cósúil le bán dearg, gorm agus glas ar mo shúile. Fiú amháin go gcosnaíonn na pailléid seo timpeall ar daichead euro, má smaoiníonn tú faoi, níl sé ach beagáinín níos mó ná trí euro i gcomhair gach aon dath mar go dtagann 12 dath leis. 

Inis dom faoi na dathanna is fearr leat agus an ainm an scáthú súl a úsáideann tusa... 








4 comments:

  1. Tá éad orm!!! Tá sé go hálainn!!!! :-)

    ReplyDelete
  2. Haha bhuel, caithfidh mé a rá go bhfuil mé i ngrá leis :P.. Go raibh maith agat! :)

    ReplyDelete
  3. Iníón Uí IarlaitheSunday, September 16, 2012

    b'fhéidir go mbeidh an nasc seo cabhrach duitse agus d'éinne atá ag déanamh taithí oibre i mbunscoil faoi láthair:

    http://acrucialweek.blogspot.ie/search/label/gaeilge

    ReplyDelete
  4. Go raibh míle maith agat.. Féachann sé an- úsáideach ar fad. Ba bhreá liom mo sheomra ranga féin chun é a mhaisiú!

    ReplyDelete

Fág trácht le do thuairmí agus smaointí féin!

Cuardigh PLHF

Blag Gaeilge Iníon Uí Iarlaithe

Followers

Ríomhphost

paiseanlehaghaidhfaisean@gmail.com