Sunday, September 16, 2012

Tá Scaifeanna Ar Áis

Dia dhaoibh Sionainn anseo, 

Fuair mé mo chéad scaif den séasúr nua seo ar an gCéadaoin. 
Tá siad tar éis teacht ar áis sna siopaí mar go mbeidh sé ag tosú chun éirí fuar go luath. 
Is as "River Island" an ceann nua a fuair mé. 
Fuair mé é mar bhrontannas ach ceapaim go raibh sé timpeall ar fiche euro. Is "snood" é. Ciallaíonn sé sin nach bhfuil aon tús nó aon deireadh ag an scaif. Tá an scaif cósúil le ciorcal. Tá dath dubh agus uachtar ar an gceann seo. Is aoibhinn liom é mar go bhfuil sé déanta as olann (wool). Tá sé an- bhog ar fad agus anois, is cinnte nach mbeidh mé fuar sa Gheimhreadh. Is féidir leat "snood" a chaitheamh scaoilte (loose)- é a chur timpeall ort dhá uair nó is féidir leat é a chur timpeall ort trí uair. 
Is é an "snood" an sórt scaif is fearr liom faoi láthair gan dabht. Fiú amháin nach bhfuil an ceann seo agam ach cúpla lá, is breá liom é ach fuair mé ceann eile i Mí na Nollag sa siopa "Accesorize" agus caithfidh gur chaith mé é beagnach gach lá go dtí gur chríochnaigh an Geimhreadh. 
Seo é. Mar go bhfuil a lán dathanna sa scaif seo, téann sé go maith le beagnach gach rud. Bhí an ceann seo costasach- triocha euro. Níor cheannaigh mise é... Cheannaigh mo dheartháir é dom. Más chonaic mé é sa siopa, ní íocfainn an praghas sin as ach anois, tá áthas an domhain orm gur cheannaigh sé é dom mar go bhfuil sé fós fiorfe. Tar éis é a ní cúpla uair, bhí sé fós fiorfe. 
D'aimsigh mé dhá bhosca de scaifeanna i mo vardrús níos luaithe inniu. Tá gach sórt scaif  agus beagnach gach aon dath agam. Is breá liom na cinn atá déanta as olann ach comh maith le sin, taitníonn na cinn eile agam nach mbíonn comh trom. 
Comh maith lena "snoods", tá na cinn seo. Bíonn cruth triantáin orthu. Cheannaigh mé é seo sa Spáinn, in áit is ainm "Leon". 
Ceapaim go bhfuil scaifeanna cósúil leis an gceann seo, an sórt scaif is mó réilimh. Is as "Awear" an ceann seo. Tá pátrún bláthach ar. 

Ach, bíonn stíl difriúil ag gach duine agus oireann rudaí éagsúla gach duine. 

Cad é an sórt scaif is fearr leat? Inis dom faoin scaif is fearr leat? 







No comments:

Post a Comment

Fág trácht le do thuairmí agus smaointí féin!

Cuardigh PLHF

Blag Gaeilge Iníon Uí Iarlaithe

Followers

Ríomhphost

paiseanlehaghaidhfaisean@gmail.com