Sunday, September 23, 2012

Faisean sa Seomra Codlata

Dia dhaoibh Sionainn anseo, 

Inné, chaith mé an lá ar fad ag glanadh mo sheomra codlata. Nílim ag magadh, caithfidh gur thóg sé timpeall ar cheithre nó cúig uair.  Táim go holc ag coimeád mo sheomra codlata néata ach an uair seo, táim cinnte go bhfanfaidh sé slachtmhar. Bhíothas an- bhródúil asam tar éis jab iontach a dhéanamh ar agus anois, ciallaíonn sé go gcaithfidh mé níos mó ama i mo sheomra codlata mar go bhféachann sé go deas. 

Coimeádeann mé lán mo sheodra, mo vearnais ingne, m'uachtair, mo dhonnú bréige, mo dhíbholaígh agus mo mhaothóirí ar sheilf in aice le mo leaba. Mar sin, bíonn mé in ann m'uachtair a úsáid gach maidin agus iad a chur ar ais san áit céanna fós ag coimeád iad néata. Bíonn mé in ann seodra difriúil a chur orm aon am a oireann sé liom agus lán na dathanna vearnais ingne atá agam a fheiceáil. 

Tá deasc mhór agam in aice le mo vardrús. Bhí teilifís agam ar an deasc go dtí inné ach, bheartaigh mé gurbh cur amú spás é mar nár úsáid mé an teilifís ach cúpla uair gach mí. Má bhíonn mé ag féachaint ar an teilifís, bíonn mé thíos staighre le mo theaghlach. Anois, tá an deasc saor, agus is deasc staidéir é. Uaireanta bíonn mo theach an- ghnóthach, mar sin, beidh mé in ann dul chuig mo sheomra leapa chun m'obair bhaile a dhéanamh. Má tá tú ámharach go leor chun deasc staidéir bheith agat seachas leis an mbord sa chistin nó rud éigin mar sin, is smaoineamh maith é do chlár ama a chur suas ar an mballa, comh maith le póstaeir a chabhraíonn leat le do chuid oibre. Is é leid faiseanta chun rudaí a fhoghlaim go tapa ná chun iad a scríobh ar luaschártaí (flashcards). Tá coimeádán grianghraif agam agus má bhíonn aon rud le foghlaim agam, cuirim é isteach sa rud seo. Feicim é an t-am ar fad mar go seasann sé amach agus gach uair a fheicim é, deirim an phrása amach ós ard chun a bheith cinnte go bhfuil sé ar eolas agam. 

Coimeádaim an cuid is mó dos na leabhair atá agam ar an seilf seo, comh maith le ceann eile in aice le mo vardrús. Fiú amháin go bhfuil an cuid is mó d'iad léite agam, níl fonn orm iad a chaitheamh amach nó iad a thabhairt go carthanas (charity). Mar go bhfuil siad i bpílí cósúil le seo, is féidir leat a lán leabhair a choimeád ar sheilf amháin. 

Is iad ceithre leid tábhachtach chun do sheomra codlata a choimeád faiseanta agus slachtmhar ná: 

  • Go bhfuil sé níos fearr fearr deich nóiméad a chaitheamh ag glanadh do sheomra codlata gach oíche ná uair ar fad ag an deireadh seachtaine. 

  • Chun iarracht a dhéanamh áit a bheith agat i gcomhair gach rud. Mar sin, nuair a thógann tú rud éigin amach, beidh tú in ann é a chur ar ais agus comh maith le sin, beidh sé ar eolas agat cá bhfuil sé nuair atá sé á lorg agat arís. 

  • Chun bheith cinnte go dtaitníonn do sheomra codlata leat. Cuir suas póstaeir do d'amhránaí is fearr leat nó grianghraif do tusa agus do chairde agus do theaghlach ar do bhalla. Ansin, beidh seomra codlata pearsanta agat beidh fonn ort é a choimeád néata. 

  • Chun d'éadai a eagrú. Is é an fhadhb is mó atá agam ná m'éadaí. Gach lá, bainim triail as cúpla feisteas a chaitheamh agus muna bhíonn siad ceart, fágaim iad ar an úrlár seachas le iad a chur ar ais ar an gcrochadán (hanger). Tá sé deacair ach déan iarracht iad a chur ar ais nó beidh píle mór éadaí agat ag deireadh na seachtaine. 


An bhfuil aon leideanna eile agat chun seomra codlata a choimeád slachtmhar agus faiseanta? 
Inis dom faoi do sheomra codlata agus conas mar a fhéachann sé díreach anois. 






2 comments:

Fág trácht le do thuairmí agus smaointí féin!

Cuardigh PLHF

Blag Gaeilge Iníon Uí Iarlaithe

Followers

Ríomhphost

paiseanlehaghaidhfaisean@gmail.com