Sunday, September 23, 2012

Ar Ais Go Dtí 1980

Dia dhaoibh Sionainn anseo, 

Tá mo scoil, Cnoc na Labhras ag ullmhú an ceoldráma "Back To The 80s" a bheidh ar siúl i Mí na Samhna ach beimid ag taibhiú (performing) dhá amhrán ar an gCéadaoin mar go mbeidh an lá oscailte ar siúl. Mar sin, bhí gá orainn ár bhfeitis a cheannach. Chuas ag siopadóireacht inniu chun m'éadaí a fháil. Rugadh mé i míle naoi déag nócha seacht agus mar sin, ní rabhas timpeall i rith an t-am sin. D'inis na muinteoirí atá i gceannas na feistis dúinn chun éadaí fluaraiseach (fluorescent) a chaitheamh. Seo cad a bheidh á chaitheamh agam... 


Bhí faic agam sa bhaile seachas le bróga. Mar sin, chuas go dtí na siopaí "Claires", "Tesco" agus "H&M" sa Chorrán. 
Cheannaigh mé tútú oráiste, t-léine bán dearg le croí déanta as "sequins", loirgneáin theolaí (leg warmers), riteoga, gabhálais gruaige, coirníní (beads) agus fáinne cluaise. 
Bhraith sé an- ait ag caitheamh lán na rudaí seo le cheile, bhíothas beagáinín ró dhathannach. 

Ba margadh iad na coirníní. Tháinig ceithre dath- buí, oráiste, glas agus bán dearg i gcomhair ceithre euro. Bhí siad níos daora ná sin níos luaithe. 

Ní rabhas cinnte faoi na rudaí seo. Cheannaigh mé iad sa siopa "Tesco" i gcomhair trí euro caoga. N'fheadar conas mar a bheidh mo chuid gruaige ach b'fhéidir go gcaithfidh mé iad seo i mo ghruaig. Feicfidh mé...


Bhí na fáinne cluaise 4.50euro. Tá na dathanna céinne ná na coirníní ar na fáinne cluaise- oráiste, buí, glas agus bán dearg. Ceapaim go gcríochnaíonn gabhálais d'fheisteas. Má bhíonn gabhálais deas agat, bíonn d'fheisteas ar fad a lán níos fearr. Bhí crochóga (suspenders) álainn sa siopa "Claires" freisin, comh maith le lámhainní deas, b'fhéidir go gceannóidh mé iad sin freisin. 

Ní raibh mé timpeall nuair a chaitheadh éadaí mar seo an t-am ar fad. 

Más raibh tú beo nó mar dhéagóir ó 1980 go dtí 1990... Inis dom faoi na héadaí a chaith tú. 
An bhfuil tú ag glacadh páirt sa cheoldráma- an bhfuil d'fheisteas agat? 







5 comments:

  1. Replies
    1. Go raibh maith agat Lorna! :-) Súil agam nach mbeidh mé ró- dhathannach!

      Delete
  2. Bhi me beo ansin ach ni deardfaidh me cen aois. Ach bhi shell suit alainn agam!

    ReplyDelete
  3. Inion ui iarlaitheMonday, September 24, 2012

    rinne me dearmad m.ainm a chur thuas ansin.

    ReplyDelete
    Replies
    1. Ní raibh clú agam cad ba bhrí le "shell suit" ach ansin rinne mé google imaging ar agus d'aimsigh mé cúpla grianghraif d'iad. Is cinnte go bhfuil difríocht an- mhór idir an stíl inniu agus ansin!

      Delete

Fág trácht le do thuairmí agus smaointí féin!

Cuardigh PLHF

Blag Gaeilge Iníon Uí Iarlaithe

Followers

Ríomhphost

paiseanlehaghaidhfaisean@gmail.com