Sunday, August 12, 2012

Slí Faiseanta Chun d'Irisleabhair a Choimeád Néata

Dia dhaoibh Sionainn anseo, 

Inniu, chruthaigh mé mo choimeádán irisleabhair féin. 
Seo iad na céimeanna chun iad a chruthú. Tá sé éasca, simplí agus saor agus féachann an coimeádán go hálainn ag an deireadh. 
Ar dtús, caithfidh tú bosca arbhair a fháil. Ansin, faigh rialóir agus tarraing líne trasnánach (diagonal line) ar an dá thaobh. Ansin, úsáidigí siosúr chun é a ghearr amach cósúil leis an mbosca Cheerios sa phictiúr. 
Ansin, tóg cúpla irisleabhair sean , nach léigheann tú agus caithfidh tú a lán pictiúir a ghearr amach óna irisleabhair- Go leor pictiúir chun an bosca ar fad a chlúdach. 
Ansin, faigh do ghliú. D'úsáid mé "Pritt Stick". Is é an céim i ndiaidh sin ná chun lán do phictiúir a chur ar an mbosca i gcollais (collage). 
Rinné mé na taobhanna is mó le pictiúir d'éadaí, bróga, málaí agus rudaí eile a bhaineann le faisean. 
Rinne mé an píosa is ísle le pictiúir de rudaí a bhaineann le teicneolaíocht cósúil le ríomhairí, ceamaraí agus fóin. 
Chuir mé pictiúir de bhia ar an taobh deireannach- seacláid, milseáin agus cáca milis. 

Ansin, is féidir leat lán d'irisleabhair a chur isteach ann, nó b'fhéidir leabhair scoile nó billeoga. 
Is féidir leat aon sórt pictiúir a chur ar do bhosca- aon rud a thaitníonn leat, b'fhéidir ainmhithe nó mainicíní, aon phictiúir is féidir leat aimsiú in irisleabhair éigin. 
Ní bhíonn gá ort irisleabhair nua a cheannach chun na pictiúir a fháil, is féidir leat ceann a athchúrsáil agus ceapaim go bhfuil gliú agus bosca arbhair ag beagnach gach duine. Mar sin, tá sé saor in aisce, cruthaitheach, faiseanta agus uathúil.

Cad a cheapann tú faoin smaoineamh seo? 




9 comments:

  1. smaoineamh iontach

    ReplyDelete
  2. Cá bhfuair tú an smaoineamh sin?

    ReplyDelete
  3. Iníon Uí IarlaitheSunday, August 12, 2012

    Iníon Uí Iarlaithe anseo. Tá an bosca sin an-mhaith sa chúlú easnamaíochta!!
    Maith thú a Shionnainn.

    ReplyDelete
  4. Go raibh míle maith agaibh! Ceapaim go ndéanfaidh mé níos mó poist mar seo sa todhchaí. Is ceannaire óg mé le Bantreoirithe na hÉireann (Irish Girl Guides" mar go ritheann mo mham grúpa "brownies" sa bhunscoil Salesians. Eagraím rudaí dóibh an t-am at fad. Cúpla bliana ó shin rinne mo mham Bosca cuimhne leo ag úsáid pictiúir chun collais a chruthú ach mar go bhfuil a lán irisleabhair agus rudaí mar sin agam, cheap mé go mbeadh sé go maith coimeádán irisleabhair a dhéanamh. Chonaic mé iad ar dhíol i Tescos agus siopaí mar sin ach is fearr liom a bheith uathúil. Beidh mé gnóthach ag gearr amach pictiúir mar go mbeidh siad á dhéanamh agam le fiche cailíní eile i mí mheán fómhair!

    ReplyDelete
  5. maith thú shannon, tá an blag go hiontach

    ReplyDelete
  6. Is breá liom tú a blog Ach ní féidir liom teacht ar an gcnaipe seo a leanas a :(( Níl mé iontach ag na Gaeilge, ach thuigim roinnt de do blog :)) Tá sé cul go blog tú i nGaeilge ;D !!! Is é an smaoineamh sealbhóir iris smaoineamh iontach! :)) xx

    ReplyDelete
    Replies
    1. Grace, go raibh míle maith agat as trácht a fágáil... Níl cnaipe "follow" agam- sin é an fhadhb. Tá sé imithe agus ní cheapaim go féidir liom é a chur ar ais. Tá sé sin ceart go leor, tá Gaeilge an- mhaith agat :) Slán go Fóill :D

      Delete

Fág trácht le do thuairmí agus smaointí féin!

Cuardigh PLHF

Blag Gaeilge Iníon Uí Iarlaithe

Followers

Ríomhphost

paiseanlehaghaidhfaisean@gmail.com