Dia dhaoibh Sionainn anseo,
Nuair a bhíothas ar Sráid Liam (William) chonaic mé an páipéir balla seo.
Ceapaim go bhfuil mé i ngrá leis. Is páipéir balla le pictiúir d'irisleabhair faisean é.
Díolann an siopa seo péinteanna, soilse agus rudaí eile mar sin agus chonaic mé é seo san fhuinneog. Ní raibh mé istigh ann ríomh agus níor chuas isteach ann chun an praghas a aimsiú mar go raibh an siopa dúnta ach ba bhreá liom é.
Deireann mo mham nach mbeadh sí ag súil chun páipéir balla a chur i mo sheomra mar go bhfuil péint níos áisiúile go háirithe go bhfuil mo sheomra san áiléar agus tá a lán balla agam ach ní bheadh mé in ann é seo a chur ar lán mo bhallaí ar ndóigh mar go mbeadh sé craiceáilte.
Nuair a chuireann tú rudaí le pátrúin ar do bhallaí, ní fhéachann an seomra comh mór ná a bhfuil sé i ndáiríre.
Tá uchtbhalla simléir (chimey breast) agam i mo sheomra codlata agus ba mhaith liom é a chur san áit sin nó ar bhalla éigin eile.

An bhfuil péint nó páipéir balla agat i do sheomra codlata. Cad é an scéim dathanna atá agat?
GO DEAS
ReplyDelete