Friday, August 3, 2012

"House of Solo"... Bhuel, "Le Maison de Curio".

Dia dhaoibh Sionainn anseo, 

Is maith is cuimhin liom an siopa "House of Solo" ar sráid Eibhlín. 
Bhí gach duine i ngrá leis, ag dul ann lena "Diva Cards" chun an deich faoin gcéad lascaine (discount) a fháil. 
Bheadh gach duine ina eilimint ag teacht amach ón siopa le mála álainn. 
Tá ceann fós agam i mo vardrús. 
Bhí gach rud go breá ach go tobann dhún an siopa síos agus bhí gach duine fágtha croí- bhriste. 
Ní raibh aon áit chun bling a cheannach nó seodra saor a d'fhéach daor. 
Táim tar éis an freagra a aimsiú. 
B'fhéidir nach bhfuil "House of Solo" suite ar an sráid céanna leis an ainm céanna, ach tá sé ar sráid Anna in aice le "Tony Clarkes" agus "Sally's", le ainm difriúil- "No. 15 Le Maison de Curio". 
Is leis an bean céanna ná "House of Solo" an siopa seo. 
Chuas isteach ann inniu ag ceapadh gur d'fhéach sé cósúil leis an siopa a bhí ar sráid Eibhlín agus chuir mé ceist ar an mbean agus d'inis sí an scéal ar fad dom. 
Is siopa an- mhór é a dhíolann málaí, seodra, hataí isrl. 
Is féidir hata a ghlac ar cíos ó 15 euro más raibh tú ag dul chuig na rásaí fiú amháin go bhfuil sé beagáinín déanach anois mar go bhfuil siad beagnach críochnaithe. 
Mar nach raibh sé ar eolas agam go raibh sé "House of Solo", cheapas go mbeadh gach rud an- chostasach mar gur d'fhéach an fhuinneog an- deas ar fad ach bhí lán na praghasanna an- réasúnta. 
Bhí fáinne cluaise stodach ann i gcomhair euro amhain chomh maith le gabhálais gruaige. 
Cheannaigh mé, bhuel cheannaigh mo dheirfiúr an muince agus cheannaigh mé na fáinne cluaise. Bhí an muince fiche euro agus na fáinne cluaise cúig euro. 
Bíonn daoine ag lorg seodra maisiúil (fancy) agus seodra oiriúnach d'ócáidí an t-am ar fad agus tá réimse leathan muincí, fáinne cluaise agus bráisléid ar dhíol sa siopa seo. 
Ba iontas iontach é chun a fheiceáil go raibh an siopa seo ann mar gur cheannaigh mé féin, mo mhuintir agus mo chairde rudaí i "House of Solo" go minic. 

Cliceáil anseo chun nios mó den bhling atá ar dhíol ann a fheiceáil. 

An raibh sé ar eolas agat go raibh an siopa seo ar Sráid Anna? 





1 comment:

Fág trácht le do thuairmí agus smaointí féin!

Cuardigh PLHF

Blag Gaeilge Iníon Uí Iarlaithe

Followers

Ríomhphost

paiseanlehaghaidhfaisean@gmail.com