Friday, August 3, 2012

Léirmheas - "Jessica Smoothies Ultimated Hydration Milkshake"

Dia dhaoibh Sionainn anseo, 

Is é an uachtar láimhe a úsáidim ná an ceann seo. 
Is sciamheolaí (beautician) í m'aintín agus cheannaigh sí é dom. 
Feicim cosmaidí "Jessica" eile timpeall na háite ach ní cheapaim gur chonaic mé é seo. 
Fuair mé é an bhliain seo caite agus b'fhéidir go bhfuil sé as úsáid sna siopaí (discontinued).. Ach tá beagnach gach rud le ceannach ar an idirlíon.  
Fós déanfaidh mé an léirmheas mar go bhfuil sé beagnach imithe agus beidh mé chun uachtar éigin nua a cheannach. 
Tá an teideal ceart- bolaíonn sé de chreathán báinne sa bhuidéal agus ar do lámha. 
Cheapas nach mbeadh uachtar a bholaíonn de chreathán báinne ró dheas ach tá an cumhrán san uachtar seo go hiontach ar fad. 
Tá rudaí cósúil le im sí (shea butter),  aló (aloe), vitimín E sna foirmlí aramatach agus fágann iad seo do lámha   iontach slim agus bog. 
Tá sé oiriúnach d'aon aois agus sílim go bhfuil sé an- mhaith mar mhaothóir. 
Níl sé ró- uisciúil nó ró- ramhar, tá an raimhre mín (smooth consistency) fiorfe. 
Ach beidh ceann eile á lorg agam go luath, mar sin... 

... Cén sórt uachtar ina úsáideann tusa ar do lámha? 






No comments:

Post a Comment

Fág trácht le do thuairmí agus smaointí féin!

Cuardigh PLHF

Blag Gaeilge Iníon Uí Iarlaithe

Followers

Ríomhphost

paiseanlehaghaidhfaisean@gmail.com