Friday, August 3, 2012

Tá An Gnáth- River Island Ar Ais, Bhuel, Beagnach...

Dia dhaoibh Sionainn anseo, 

Buiochas le Dia, tá an díolachán ag críochnú. 
Bhíothas sa River Island sa sráidbhaile inniu i gcomhair cúpla nóiméad agus níl ach ráille nó dhó d'éadaí fágtha ón díolachán.
Tá an stoc nua ag teacht isteach agus beidh na siopaí ag líonadh suas arís le héadaí don Fhomhar/ Gheimhreadh. 

Táim ag tnúth go mór leis lán na bríste gearr a fheiceáil imithe ó na siopaí mar nach bhfuair mé seans ach chun cúpla péire a chaitheamh uair nó dhó i rith an tsamhraidh. 
Is breá liom ag caitheamh scaifeanna agus nílim ábalta fanacht chun cúpla cinn nua a cheannach chun cuir le mo bhailiúchán. 

Cad é an rud is fearr leat faoin bhFómhar agus faoin nGeimhreadh? 


1 comment:

Fág trácht le do thuairmí agus smaointí féin!

Cuardigh PLHF

Blag Gaeilge Iníon Uí Iarlaithe

Followers

Ríomhphost

paiseanlehaghaidhfaisean@gmail.com