Saturday, August 25, 2012

10,000 Amhairc Ar PLHF

Dia dhaoibh Sionainn anseo, 

Shroich mé abhaile ó Chontae Chiarraí cúpla uair ó shin agus nuair a thug mé cuairt don bhlag, chonaic mé go raibh níos mó ná deich míle amhairc ag an mblag. Bhí áthas an domhain orm chun é sin a fheiceáil. Go raibh maith agaibh go léir as féachaint ar Paisean le hAghaidh Faisean go dtí seo agus tá súil agam go leanann sibh ar aghaidh ag baint taitneamh as an mblag. 
Anois go bhfuil mé ar ais, tá a lán poist le déanamh agam faoi na rudaí a cheannaigh mé i dTrá Lí, mar sin, bí ag faire amach. Ná déan dearmad nach bhfuil ach dhá lá go dtí go mbeidh mise agus na scoláirí eile ó mo bhliain i mo scoil féin ar ais ar scoil. 

An mbeidh tú ar ais ar scoil ar an dáta céanna ná mise nó níos déanaí nó níos luaithe?



2 comments:

Fág trácht le do thuairmí agus smaointí féin!

Cuardigh PLHF

Blag Gaeilge Iníon Uí Iarlaithe

Followers

Ríomhphost

paiseanlehaghaidhfaisean@gmail.com