Sunday, August 26, 2012

Ealaín Iongan Nua

Dia dhaoibh Sionainn anseo, 

Nuair a bhíothas sa Bheannach, chuas go dtí an TK Maxx i dTrá Lí. Cheannaigh mé níos mó vearnais ingne ach seo é vearnais ingne speisialta mar nach bhfuil na scuaba ró thiubh. 
Ní raibh sé ach 9.99euro i gcomhair ocht buidéil- Sin 1.25 i gcomhair aon bhuidéal amháin. Nuair a chonaic mé go raibh siad ar dhíol don phraghas sin, bhíothas beagáinín neirbhíseach mar go bhfuil paicéad a cheannaigh m'aintín dom sa siopa Argos i gcomhair níos mó ná triocha euro nach gceapaim go bhfuil siad ró mhaith. Nuair a chuirim na cinn sin ar m'ingne bíonn cúpla dos na dathanna an- uisciúil. Ach d'fhéach na cinn seo an- mhaith agus mar sin, thóg mé an seans nach mbeadh siad uisciúil agus cheannaigh mé iad- bán, dubh, buí, glas, ór, airgead agus ceann trédhearach. Is é "Art Club" an branda atá orthu. 
Mar nach bhfuil na scuaba ró thiubh, tá an vearnais ingne seo fiorfe chun ealaín ingne a dhéanamh- straidhpeanna, línte agus aon rud eile atá deacair déanamh le scuab vearnais ingne normálta. Más raibh an vearnais ingne seo agam nuair a bhí ingne Astacach á dhéanamh agam, ceapaim go mbeadh siad a lán níos fearr. 
Bhíothas sa Bheannach nuair a cheannaigh mé iad ach bhíothas ag bású chun iad a iarraidh ach ní rabhas ábalta féachaint ar aon fhíseán. Mar sin, rinne mé ingne liopaird. Mar gur dhein mé iad cúpla mí ó shin freisin, bhí sé ar eolas agam nach mbeadh sé ró dheacair iad a dhéanamh. Thosaigh mé le dath béasa nach raibh sa seit- "Catrice 070 Same Seine But Different". Rinne mé dhá chóta den dath seo roimh tosú le mo vearnais ingne nua. Ansin, d'úsáid mé an buidéal dearg ó "Art Club" chun timpeall ar trí phaiste randamach a dhéanamh ar gach inge. Ní chaithfidh gach ceann bheith an méid céanna. 
Lean mé ar aghaidh chun an ceann dubh a úsáid chun dul timpeall gach paiste. Níor chuas timpeall lán aon phaiste amháin leis an gceann dubh, mar a fheicenn tú sa phictiúr, chuir mé é ar leath de gach paiste agus ansin ponc nó dhó. Nuair a bhí sé sin tirim, fuair mé an ceann ór agus chuir mé beagáinín den ór ar chúpla dos na poncanna agus na línte dubha. Níor úsáid mé a lán den ór mar go bhfuil a lán gealra ins an dath seo. 
Ansin, chun m'ingne a choimeád mar sin i gcomhair níos mó ama, chuir mé cóta amháin don cheann trédhéarach ar lán m'ingne.

Ba é seo mo chéad uair ag ceannach vearnais ingne ón siopa TK Maxx ach molaim do gach duine dul ann má tá seit á lorg agat i gcomhair duine éigin eile mar bhrontannas nó mar bhrontannas beag ag teastal uait. 
Úsáideann lán na daoine ar an idirlíon vearnais ingne as O.P.I. Bhí buidéal ag teastal uaim ach níor chonaic mé é aon áit. Anois, tá sé ar eolas agam go díolann TK Maxx é. Tá sé an- daor. Timpeall ar 13 euro i gcomhir dhá bhuidéil ach chuala mé go bhfuil fiú é a cheannach. Ní raibh aon dathanna speisialta ann agus mar sin, d'fhág mé é. Má táim chun buidéal a cheannach, ba mhaith liom dath álainn. 

An bhfuil aon cheisteanna agat faoi m'ingne déanta i bprionta liopaird?
Ar chuala tú aon eolas maith faoin mbranda O.P.I?
An mbíonn tú ag siopadóireacht sa siopa TX Maxx go minic? 



No comments:

Post a Comment

Fág trácht le do thuairmí agus smaointí féin!

Cuardigh PLHF

Blag Gaeilge Iníon Uí Iarlaithe

Followers

Ríomhphost

paiseanlehaghaidhfaisean@gmail.com