Saturday, July 7, 2012

Seilfeanna Stórais

Dia dhaoibh Sionainn anseo, 

B'fhéidir go gcuimhin cúpla duine an pictiúr seo. 
Cúpla mí ó shin scríobh mé faoin rud leis an gciorcal dearg timpeall é. 
Cheannaigh mé mo cheann sa siopa B&Q ach inné d'aimsigh mé iad arís sa siopa Penneys. 
Níl siad ach ceithre euro

Bhíothas ag siúl timpeall Penneys agus chonaic mé an paicéad seo. 
Seo iad seilfeanna stórais cósúil leis na cinn atá agam. 
Tá siad ar dhíol i Penneys anois i gcomhair 4 euro. 
Ceapaim go bhfuil na cinn seo go hálainn mar go bhfuil siad bán dearg le féileacháin (butterflies). 
Tá seilfeanna stórais mar seo an- úsáideach chun rudaí cósúil le bróga, pitseamaí, éadaí agus bríste a choimeád néata i do vardrús. 


Tá iad seo ar dhíol ann freisin le haghaidh 4 euro chomh maith.
Is féidir leat iad a chur faoi do leaba.
Tá an pátrún féileacháin céanna ar an dá rud.
Cheannaigh mo dheirfiúr amháin dos na rudaí seo. 

D'oscail mé é chun a aimsiú go bhfuil sé mór agus go mbeadh tú ábalta a lán rudaí a chur isteach ann.
B'fhéidir nuair atá an samhradh críochnaithe bheadh sé úsáideach chun d'fhlip fleapanna a choimeád ann nó leabhair scoile nó geansaithe nó aon rud eile mar sin. 



An bhfuil seilfeanna stórais mar seo agat? 

Slán, x.

No comments:

Post a Comment

Fág trácht le do thuairmí agus smaointí féin!

Cuardigh PLHF

Blag Gaeilge Iníon Uí Iarlaithe

Followers

Ríomhphost

paiseanlehaghaidhfaisean@gmail.com