Saturday, July 7, 2012

Gabháil Siopadóireachta

Dia dhaoibh Sionainn anseo, 

Fuair mé seans ar an Deardaoin chun beagáinín siopadóireacht a dhéanamh.
Chomh maith leis an ngeansaí Astacach a cheannaigh mé i River Island, cheannaigh mé dhá rud eile ann. 
Chun níos mó a léamh faoi éadaí Astacach, cliceáil anseo
Níor íoc mé ach 14euro don gheansaí seo fiú amháin go raibh sé 32euro mar go raibh díolachán ar siúl. 

Cheannaigh mé an blús seo i gcomhair 18euro ach bhí sé 40euro ag an tús. 
Tá lása ag an mbarr san áit ina mbíonn do ghuaillí. 
Tá a lán slíte chun blúsanna mar seo a chaitheamh.. B'fhéidir go ndéanfaidh mé post faoi níos déanaí. 
Tá blúsanna mar seo le ceannach i mbeagnach aon siopa- New Look, Forever 21, TopShop, Penneys, H&M, Zara... Leannann an liosta ar aghaidh.. 
Tá siad ar dhíol i ngach aon dath. 
Is maith liom an ceann uachtar seo mar go bhfuil sé an- ilúsáideach (versatile). 
Téann sé go maith le donn, dúghorm, fíon, béasa agus a lán dathanna eile. 

Is banda gruaig é seo. 
Ní rabhas cinnte faoi nuair a chonaic mé é mar go bhféachann sé mar mhuince ach ní raibh sé ach dhá euro agus mar sin cheannaigh mé é. 
Bhí sé 6euro roimh an díolachán
Ach chaith mé é inné agus is breá liom é. 
Is banda gruaig tanaí é agus d'fhéach sé go deas nuair a bhí mo ghruaig fágtha síos agus cuirthe suas. 

Chomh maith le River Island, chuas go dtí "Schuh" agus cheannaigh mé péire "Converse" eile. 
Seo péire sean atá agam ach féachann siad níos sine anois. 
Mar go raibh siad bán, d'éirigh siad salach go tapa. 
Mar sin, cheannaigh mé an péire seo i "Schuh" i gcomhair 49euro. 
Téann na cinn seo go dtí do rúitíní ach téann an péire eile ós comhair do rúitíní. 
Is é an dath atá ar an bpéire seo ná "Burgundy" nó fíon. 
Tá a lán éadaí dúghorm, uachtar, béasa, donn, liath agus fíon agam agus mar sin, phioc mé an dath seo. 
Ceapaim go bhfuil "Converse" go maith mar go bhfuil sórt bróga reatha iad ach téann siad go maith le jíons. 
Is é rud éigin atá á dhéanamh ag a lán daoine ná go bhfuil siad ag rolladh suas jíons chun iad a chaitheamh leis na "Converse" seo. 
Féachann sé go hálainn go hairithe i rith an tsamhraidh. 
Tá "Converse" compórdach tar éis iad a bhriseadh isteach agus fanann siad i riocht (condition) maith i gcomhair a lán ama. 

Ansin, bhíothas i gCill Airne agus bhí fear ag díoladh seodora i stalla ar an sráid. 
Cheannaigh mé na bráisléid cairdis seo as. 
Ar dtús, dúirt sé go raibh siad 3euro ach ansin mar go raibh cúpla cinn á cheannach agam, rinne sé margadh dom. D'íoc mé dhá euro as gach ceann. 
Is maith liom go raibh siad lámhdhéanta agus go bhfuil siad uathúil (unique). 
Chomh maith le sin, bhíothas ag an gceolchoirm Olly Murs ar an gCéadaoin agus mar sin, fuair mé bráisléad speisialta ann freisin. 
Bhí an cheolchoirm go hiontach. 
Ba é "Key West" an acht tacaíochta. Tháinig siad ar cuairt chuig Cnoc na Labhras sa chéad bhliain. 

Cad é an péire bróga is fearr leat i do vardrús? 
An mbeidh tú dul go dtí aon cheolchoirmeacha an samhradh seo? 

Slán, x.



No comments:

Post a Comment

Fág trácht le do thuairmí agus smaointí féin!

Cuardigh PLHF

Blag Gaeilge Iníon Uí Iarlaithe

Followers

Ríomhphost

paiseanlehaghaidhfaisean@gmail.com