Monday, July 9, 2012

Scáthú Súl Don Samhradh- Nocht Agus Neodrach

Dia dhaoibh Sionainn anseo, 

Inniu beidh mé ag caint faoi na dathanna is oiriúnach don samhradh. 
Is fearr liom dathanna nocht (nude) agus neodrach (neutral). 
Mar sin, is é an pailéad is fearr liom ná "Naked" le Urban Decay. 
Tá an pailéad seo déanta de 12 dathanna ó uachtar go dtí dubh. 
Nílim cinnte faoi aon phailéid eile ach ceapaim go bhfuil sé tábhachtach scáthú súl maith bheith agat. 
Tá an pailéad seo timpeall ar 42euro sna siopaí. 
Ach ní chaithfidh an pailéad seo bheith agat chun do shúile a dhéanamh le dathanna nocht agus neodrach. 
Má tá cúpla scáil (shade) den dath céanna is féidir leat do shúile a dhéanamh cósúil le seo. 
Chun mo shúile a dhéanamh mar seo, úsáidim trí dath atá ins an pailéad "Naked". Sin iad "Naked", "Smog", agus "Darkhorse". 
Mar go bhfuil 12 dathanna sa phailéad, is féidir leat do roghanna a athrú chun súile níos dorcha bheith agat. 
Nuair atá tú ag cur scáthú súl ar do shúile, tá sé tábachtach chun é a dhéanamh i gcéimeanna. 
Nuair a dhéanann tú rud amháin ar do shúil clé caithfidh tú é a dhéanamh ar do shúil deas agus ansin téigh ar ais chuig do shúil clé chun an céim ina dhiaidh sin a dhéanamh. 
Más déanann tú lán na céimeanna ar shúil amháin ní bheidh do shúile mar a gcéanna. 
Tá scáthú súl neodrach fiorfe chun a chaitheamh i rith an lae agus i rith na hoíche. 

Nuair a cheannaíonn tú scáthú súl ón réimse atá ag "Urban Decay", faigheann tú prímeálach (primer) chun úsáid freisin. 
Má tá craiceann olúil agat, cabhróidh é seo leis agus fanfaidh an scáthú súl ar do shúile i gcomhair níos mó ama. 
Ach ná bígí buartha- Nuair a ritheann an prímeálach amach, is féidir leat an scáthú súl a úsáid fós. Ar mo chraiceann féin, tagann sé amach fiorfe gan an prímeálach. 

Cén sórt scáthú súl ina úsáideann tusa?

Slán, x.







2 comments:

Fág trácht le do thuairmí agus smaointí féin!

Cuardigh PLHF

Blag Gaeilge Iníon Uí Iarlaithe

Followers

Ríomhphost

paiseanlehaghaidhfaisean@gmail.com