Monday, July 23, 2012

Rudaí Faiseanta Agus Cruthaitheach i gComhair Cóisir.

Dia dhaoibh Sionainn anseo, 

Brón orm nár scríobh mé níos luaithe ach bhíothas an- ghnóthach ar fad fiú amháin nach raibh mé ar scoil nó ar laethanta saoire. 
Bhí mo neacht Molly dhá bhliain d'aois ar an Satharn agus bhí cóisir aici inné. 
Ba í mise amháin dos na príomh- eagraí. 
Deireann gach duine go bhfuil mé an- chruthaitheach (creative) agus seo iad na rudaí a dhein mé don chóisir. 
Ba chóisir "Barney" í agus mar sin ba é an scéim dathanna ná glas, buí agus corcra ach is féidir leat lán na rudaí seo a athrú chun meaitseáil le do scéim dathanna féin. 

Ar dtús rinne mé na cuirí seo ar mo ríomhaire agus ansin chuamar chuig an "DocuCentre" ar Sráid Uí Chonaill chun iad a phríontáil amach. 
D'aimsigh mé teimpléad ar an idirlíon agus bhíothas ábalta é a bhearr (crop) agus é a athrú. 
Más téann tú chuig siopa a chruthaíonn na cuirí, cosóidh sé a lán airgid ach má tá tú féin ábalta na cuirí a chruthú, is féidir leat dul chuig aon siopa clódóireacht chun iad a phriontáil amach. Sa "DocuCentre" bhí sé timpeall ar deich euro i gcomhair 40 cuirí. 
Ansin, rinne mé slabhraí páipéar (paper chains). D'úsáid mé deich bileoga den dathanna glas, corcra agus buí agus ghearr mé na bileoga. Sa deireadh, bhí trí chéad striallacha (strips) agam. D'úsáid mé stáplóir chun lán na striallacha a chur le chéile. 

Ghoid mé smaoineamh as "Top Button" chun iad seo a dhéanamh. Rinne an fhoireann rudaí mar seo nuair a bhíomar ag dul go dtí an Héilics. 
Cheannaigh mé an rud corcra sa siopa Hickeys. Bhí sé 2.75euro i gcomhair méadar amháin. 
Ansin, cheannaigh mé ribín churlála (curling ribbon) sa siopa Silkes. D'úsáid mé ribín glas agus buí. 
Ansin, cheannaigh mé bosca seacláide "Lindt" agus ghearr mé ciorcail buí chun an rud go léir a choimeád soladach. 
Nuair a bhí an ribín ceangailte, d'úsáid mé siosúr chun é a chuach (curl). 
Bhí gach duine craiceáilte faoi na faibhir cóisir seo. 

Ansin, chaith mé a lán ama ag déanamh an meirge (banner) seo. Díolann daoine meirgí cósúil le seo ar suíomhanna cósúil le "Etsy" i gcomhair timpeall ar 30 euro ach cheap mé.. Cén fáth nach féidir liom mo cheann féin a chruthú. D'úsáid mé an ríomhaire chun an ceann seo a dhéanamh- Microsoft Word ach an bhliain seo caite rinne mé ceann "Minnie Mouse" le mo lámha- ceann lámhdhéanta. 
D'úsáid mé Microsoft Word chun ciorcail a chruthú agus litreacha a chur isteach. 
Thóg sé níos mó ama chun iad a ghearr amach agus iad a lannú (laminate).
Seo é an ceann "Minnie Mouse" a bhí againn an bhliain seo caite ach ceapaim go bhfuil an ceann "Barney" a lán níos proifisiúnta. 


 Cosaíonn sé 45c sa "DocuCentre" chun leathannach A4 a phriontáil amach muna bhfuil sé dubh agus bán. 
Ansin, d'úsáid mé sciúr poill (hole puncher) chun ribín a chur tríd gach litir.

Cheannaíomar málaí ceallafán (cellophane bags) agus bataí corcra ar "Ebay" chun iad seo a dhéanamh. Chuir  mé ceithre leamhacháín (marshmallows) ar gach bata agus ansin chuir mé seacláid agus "sprinkles" ar an gcéad ceann ar gach bata. 
Ansin, bhí greamáin "Barney" againn chun cuir ar gach mála agus d'úsáid mé níos mó ribín ar iad seo freisin. 

 Is breá liom ag bácáil agus mar sin, rinne mé na borróga seo. 
Bhí cásanna borróga buí agam agus ansin, reoán (icing) corcra agus glas. 

D'úsáid mé mála reoáin chun an reoán a chur ar na borróga i dtreo deas. 

Is iad seo rapair barra ach níor dhein mé iad seo. Cheannaíomar iad ar an idirlíon ach ceapaim go bhfuil seans go mbeinn ábalta iad a chruthú. Díolann daoine iad ar an idirlíon i gcomhair praghas saor ach anois go bhfuil siad againn, is féidir liom iarracht a dhéanamh iad a chruthú... B'fhéidir :L..

Is é an rud deireanach cruthaitheach a dhein mé ná ciseach mar bhrontannas di. 
Ba chiseach "Peppa Pig" é le gach rud "Peppa Pig"... Níor réadaigh mé go raibh an bascaed chomh mór ná sin agus sa deireadh, chaith mé a lán airgid ag líonadh suas é le éadaí, leabhair, breagáin agus rudaí mar sin.

Bhuel.... Sin é an fáth nár dhein mé post i gcúpla lá.... Anois táim ar ais ach is é fadhb eile ná go bhfuil mé ag dul go dtí Co. na Gaillimhe amárach go dtí an Aoine ach feicfimid...

Slán, x.

5 comments:

  1. bhí gach rud go hálainn

    ReplyDelete
  2. inion ui iarlaitheMonday, July 30, 2012

    An.phroifisiunta sionainn. Bheadh ead ar franc.

    ReplyDelete
  3. Go raibh míle maith agaibh as lán na tráchtanna cineálta!

    ReplyDelete

Fág trácht le do thuairmí agus smaointí féin!

Cuardigh PLHF

Blag Gaeilge Iníon Uí Iarlaithe

Followers

Ríomhphost

paiseanlehaghaidhfaisean@gmail.com